November 10, 2023
Guíonn Sinn Féin gach rath ar Ghaeloideachas ag ceiliúradh 50 bliain – Aengus Ó Snodaigh TD

Ghuí urlabhraí Gaeilge, Gaeltachta, Ealaíon agus Cultúir Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh TD, gach rath thar cheann an pháirtí ar Ghaeloideachas atá ag ceiliúradh 50 bliain an deireadh seachtaine seo.

Dúirt an Teachta Ó Snodaigh:

“Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom ár leithscéal a ghabháil nach féidir linn a bheith libh sa Slieve Russell inniu chun páirt a ghlacadh sa cheiliúradh, is mór an trua é go bhfuil Ardfheis Shinn Féin ar siúl an deireadh seachtaine céanna!

“É sin ráite, aithníonn Sinn Féin an éacht as cuimse atá bainte amach ag Gaeloideachas chun an oideachas lánGhaeilge a chur chun cinn agus iad leathchéad ar an bhfód, agus tréaslaíonn muid leo go mór as an obair.

“Tá Sinn Féin ag iarraidh cur go mór le hearnáil an Ghaeloideachais dá bhfaighfeadh muid deis Rialtas a threorú, tríd an éileamh don oideachas lánGhaeilge ní hamháin a shásamh ach a fhás.

“Leag muid amach moltaí ina leith sin san aighneacht foilsithe againn faoin nGaeloideachas, agus is féidir é sin a léamh ag an nasc seo: https://vote.sinnfein.ie/wp-content/uploads/2023/10/AOS-Aighneacht-ar-an-POLG-lo-res.pdf.

“Teastaíonn ó Shinn Féin go mbeidh muid ag obair as lámha a chéile le Gaeloideachas agus gach dream, scoil agus gníomhaí eile atá ag iarraidh an teanga náisiúnta a chur chun cinn san oideachas agus na spriocanna uailmhianacha seo a bhaint amach.

“Anois áfach, níl ach teachtaireacht láidir amháin againn le tabhairt: Go mairfidh Gaeloideachas an céad!”

Follow us online

Latest Tweets

Transparency & accountability crucial to restore confidence at University of Limerick – @QuinlivanTD

Teachta Quinlivan's comments come following reports the Garda Economic Crime Bureau is examining issues relating to a controversial housing deal at UL.

It is essential that a State apology is now made to the families of the Stardust tragedy.

@MaryLouMcDonald has said that the apology must address the failures of governments, not just 43 years ago in the aftermath of this tragedy, but every day since then.

#JFT48

Following a meeting with the families of the Stardust tragedy this morning, @MaryLouMcDonald has said that "a full state apology to the families must be made now, and it must address the systematic failure over 43 years".

MORE: https://vote.sinnfein.ie/a-full-state-apology-to-stardust-families-must-address-systematic-failure-over-43-years-mary-lou-mcdonald/

ICOB in danger of being becoming another failed government business support scheme – @loreillysf

“It's essential that the May 1st deadline for registrations is extended, and that government & local authorities engage with SME's to encourage take-up."

Load More