Tá freagra tugtha ag Uachtarán Shinn Féin Mary Lou McDonald TD faoin nuacht an chomhaontú idir an Aontas Eorpach agus rialtas na Breataine i leith an mBreatimeacht.
Dúirt an Teachta McDonald
“Cuirim fáilte roimh an scéal go bhfuil comhaontú ann anois idir an tAontas Eorpach agus rialtas na Breataine.
“Níl a leithéid ann de Bhreatimeacht maith. Tá an Breatimeacht á mbrú ar thuaisceart na hÉireann in éadan mianta daonlathacha na ndaoine.”
“Tá obair déanta ag Sinn Féin, mar pháirtí, chun cúis na hÉireann a chosaint ó na hiarmhairtí is measa den mBreatimeacht.”
“Ba Shinn Féin a ndearna an cás ‘stádas speisialta don Tuaisceart laistigh den AE’ ar dtús. Ba Shinn Féin fosta a d’éiligh cosaint do Chomhaontú Aoine an Chéasta agus toirmeasc ar theorainn chrua mar bhunphrionsabal.”
“D’éiligh muid fosta nach féidir le cros a bheith ag an aontachtachas.”
“Caithfear leas na hÉireann a chosaint.”
“Déanfadh margadh na hiarmhairtí Breatimeacht is measa, a mhaolú amháin.”
“Tá an margadh a n-aontaíodh inniu casta agus fairsing. Caithfear na nithe ar fad a bheith measta ina n-iomláine. Beidh muid ag cruinniú leis an Tánaiste sna huaireanta romhainn faoi seo.”