Tá úrlabhaí Gaeilge, Gaeltachta, Ealaíon, Cultúir, Turasóireachta agus Meán Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh TD, tar éis ‘teip iomlán’ a thabhairt ar chur chuige an Rialtais i leith na Gaeilge ó tháinig siad i gcumhacht i 2020, agus é ag féachaint siar ar an méid atá bainte amach acu agus an Dáil seo ag teacht chun críche go luath.
Dúirt an urlabhraí atá ina Chathaoirleach ag an gComhchoiste Oireachtas Gaeilge, Gaeltachta agus Phobail Labhartha na Gaeilge:
“Agus deireadh ag teacht ar ré Fine Gael/Fianna Fáil/ na Glasaigh bheith i gcumhacht le chéile, is léir do chách go bhfuil teipthe go hiomlán acu gníomhú de réir a mbriathra.
“Ní gá ach féachaint ar an méid a gheall siad agus an méid atá bainte amach acu san ceithre go leith bliain i gcumhacht.
“Gheall siad treoirlínte pleanála a fhoilsiú don tithíocht Gaeltachta. Níor foilsíodh.
“Gheall siad an Bille a achtú do thoghcháin Údarás na Gaeltachta. Níor achtaíodh.
“Gheall siad Scéim Labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais do theaghlaigh Gaeltachta. Níor thug.
“Gheall siad Gaelscoil agus Gaelcholáiste a sholáthar áit a bhfuil éileamh. Ní dhearna.
“Gheall siad dúbailt ar líon na ndaltaí i scoileanna lánGhaeilge. Thit an líon sin ó 7% go dtí 6%.
“Gheall siad plean le gnímh chun seirbhísí a sholáthar i nGaeilge. Níl gníomh ar bith sa phlean acu.
“Gheall siad forálacha uilig Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i bhfeidhm ina iomlán. Níl siad, agus fós níl ainm Gaelach an duine le síneadh fada aitheanta agus cosanta mar a lorg an Dáil.
“Ní raibh ach pinginí rua ag Aire Airgeadais Fhianna Fáil le caitheamh i dtreo Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge atá ag streachailt go mór.
“Tá Aire Oideachais Fhianna Fáil freagrach as pléascadh sna díolúintí agus gan ach dalta amháin as gach ceathrar a tabhairt faoin nGaeilge in Ardteist na bliana seo. Tá scoileanna lánGhaeilge ag titim as a chéile i bhfoirgnimh míchuí agus gan dóthain múinteoirí.
“Níl daoine sa Ghaeltacht in ann teach a thógáil, a cheannach nó a fháil ar cíos.
“Chuir Airí Tithíochta agus Gaeltachta Fhianna Fáil am amú ag cur an milleáin ar a chéile.
“I gcomparáid d’éist Sinn Féin leis na saineolaithe, agus go háirithe leis an gcosmhuintir ar an talamh. D’fhoilsigh Sinn Féin polasaí cuimsitheach don tithíocht Gaeltachta i 2022.
“D’fhoilsíomar polasaí uaillmhianach chun an teanga a chur chun cinn sa phobal i 2023 agus struchtúr iomlán daonlathach do Údarás na Gaeltachta.
“Táimid ar tí an polasaí is cuimsithí ó aon pháirtí pholaitiúil maidir don Ghaeilge sa chóras oideachas ag gach leibhéal a fhoilsiú go luath.
“Dá mbeadh Pearse Doherty ina Aire Airgeadais, bheadh beartais costáilte de luach €63 milliúin i bhfeidhm i 2025 don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, seacht n-uaire níos mó ná Buiséad an rialtas reatha.
“Bhí seans ag Fianna Fáil agus Fine Gael agus theip orthu. Tá athrú de dhíth chun cinntiú go mbeidh cás na nGael ar bhóthar na leasa.”