December 18, 2023
Tacaíonn Sinn Féin le hiarrachtaí ÚnaG tithe inacmhainne a sholáthar sa Ghaeltacht – Aengus Ó Snodaigh TD

Thug Aengus Ó Snodaigh TD, urlabhraí Gaeilge, Gaeltachta, Ealaíon agus Cultúir Shinn Féin, tacaíocht thar cheann an pháirtí do na hiarrachtaí fógartha ar an Aoine ag Údarás na Gaeltachta múnla a fhorbairt chun tithe inacmhainne a sholáthar sa Ghaeltacht.
 
Dúirt an Teachta Ó Snodaigh:
 
“Tá Sinn Féin go láidir ag lorg réiteach ar an ngéarchéim tithíochta fud fad na tíre, agus is léir dúinn go bhfuil an géarchéim ann de thoradh ar theip rialtas i ndiadh rialtas infheistiú sa tithíocht sóisialta agus inacmhainne.
 
“I gcás na Gaeltachta, tá dochar á dhéanamh ar inmharthanacht an phobail teanga toisc go mbíonn brú ar theaghlaigh Gaeltachta bogadh amach agus lonnú lasmuigh den Ghaeltacht nuair nach bhfuil tithe ar fáil dóibh ar phraghas réasúnta ar lámh amháin, agus nuair nach féidir leo cead pleanála a fháil ar an lámh eile chun tógáil ar a dtalamh féin.
 
“Bhí soláthar tithe sóisialta agus inacmhainne do Ghaeilgeoirí i measc na moltaí is tábhachtaí sa Pholasaí Pleanála agus Tithíochta Gaeltachta a d’fhoilsigh Sinn Féin i mí an Mheitheamh 2022, agus tá áthas orainn a fheiceáil go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag tabhairt faoin chuspóir sin a chur i bhfeidhm anois.
 
“Maidir leis an gcúis eile le bánú agus béarlú na Gaeltachta – an bac ar chead pleanála – táimid fós ag fanacht ar na treoirlínte a gheall an tAire Tithíochta Darragh O’Brien chomh fada siar le 2021 chun an soiléiriú atá á lorg ag comhairle contae a chur ar fáil.
 
“Tá a fhios againn anois nach bhfuil aon chúis moilleadóireachta ag an Aire O’Brien a thuilleadh agus Roinn na Gaeltachta réidh leis na dréacht-threoirlínte. Caithfidh an tAire O’Brien gníomhú sula mbíonn brú ar theaghlach amháin eile Gaeltachta a gceantair féin a thréigint cheal tithíocht.
 
“Tréaslaím Údarás na Gaeltachta as an céim seo a ghlacadh agus guím gach rath ar a gcuid iarrachtaí.”

Follow us online

Latest Tweets

Transparency & accountability crucial to restore confidence at University of Limerick – @QuinlivanTD

Teachta Quinlivan's comments come following reports the Garda Economic Crime Bureau is examining issues relating to a controversial housing deal at UL.

It is essential that a State apology is now made to the families of the Stardust tragedy.

@MaryLouMcDonald has said that the apology must address the failures of governments, not just 43 years ago in the aftermath of this tragedy, but every day since then.

#JFT48

Following a meeting with the families of the Stardust tragedy this morning, @MaryLouMcDonald has said that "a full state apology to the families must be made now, and it must address the systematic failure over 43 years".

MORE: https://vote.sinnfein.ie/a-full-state-apology-to-stardust-families-must-address-systematic-failure-over-43-years-mary-lou-mcdonald/

ICOB in danger of being becoming another failed government business support scheme – @loreillysf

“It's essential that the May 1st deadline for registrations is extended, and that government & local authorities engage with SME's to encourage take-up."

Load More