Agus deireadh tagtha le Céim an Choiste ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 ag Roghchoiste Dála na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobail Labhartha na Gaeilge inniu tar éis dá seachtain déag ag plé ós cionn 300 leasuithe, thréaslaigh Cathaoirleach an Choiste, Aengus Ó Snodaigh, an Aire Stáit Gaeltachta Jack Chambers as an mBille a bheith curtha ar aghaidh go Céim na Tuarascála anois, ach d’fhógair sé nach bhfuil an Bille mar atá láidir go leor ar chor ar bith.
Dúirt urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin:
“Mar atá sé, tá an Bille beagnach díreach focal ar fhocal mar an gcéanna leis an mBille mar a fhoilsíodh i 2019, agus d’aontaigh Fianna Fáil agus na Glasaigh linn ag an am go raibh sé sin thar a bheith lochtach.
“Gheall an tAire leasuithe i dtaobh sprioc earcaíochta 20% le Gaeilge a bhaint amach roimh 2030 a chur isteach sa Bhille, agus níl sé sin ann go fóill fiú. Níl na cumhachtaí breise go léir a bhí á lorg ag an gCoimisinéir Teanga tugtha dó ach oiread.
“Ní dhéanann an Bille freastal ar éilimh bunúsacha phobail na Gaeilge agus na Gaeltachta, go háirithe go gcuirfear seirbhísí stáit trí Ghaeilge ar fáil sa Ghaeltacht faoi 2025, agus go mbeadh spriocdhátaí daingne ag baint le spriocanna earcaíochta, pleananna agus caighdeáin nua an stáit.
“Níl cosaint ar bith sa Bhille áfach don cheart atá ceaptha a bheith ag gach duine Gaeilge a úsáid san ionad oibre nó in aon áit eile.
“I gcomhthéacs gach rud a tharla le seachtain anuas – comhlacht maonaithe ag an stát a bheith ag cur cosc ar úsáid na Gaeilge in ionad oibre Gaeltachta, cosc ar iarratas a chur isteach trí Ghaeilge ar phost sinsearach sa Roinn Gaeltachta, agus cosc ar vacsaín Covid fiú a fháil gan iompú ar an mBéarla – is léir go bhfuil géarghá le foráil sa Bhille chun cearta a chosaint do Ghaeilgeoirí sa stát seo.
“Bhí sé seafóideach nár ceadaigh Oifig na mBillí aon trian de na leasuithe a bhí curtha isteach ar an mBille seo, agus tá sé truamhéalach freisin nár ghlac an Aire le leasú amháin fiú ón bhfreasúra nó ó chúlbhinseoirí an rialtais le linn don díospóireacht.
“Táimid buíoch áfach gur gheall an tAire Stáit go ndéanfaidh sé machnamh ar leasuithe faoi leith a mhol Sinn Féin agus go dtiocfaidh sé ar ais ag Céim na Tuarascála lena chuid leasuithe féin chun deileáil leis na fadhbanna go léir a chur muid in iúl dó.
“Coinneoidh muid súil ar na leasuithe a thagann uaidh ag an gCéim sin, ach tá riachtanais phobail na Gaeilge agus cearta na Gaeltachta ag brath ar an Aire anois. Ní mór dó leasuithe cuimsitheacha a chur chun Bille i bhfad Éirinn níos fearr a achtú sa deireadh má tá sé dáiríre faoi chur chun cinn na Gaeilge agus tarrtháil na Gaeltachta.”