Tharraing Colm Gildernew, MLA Shinn Féin ard ar Sheachtain na Gaeilge a thosaíonn inniu.
Tá Seachtain na Gaeilge ar siúl go dtí an 17 Márta, agus tá sé ar cheann de na himeachtaí is mó ar domhan a dhéanann ceiliúradh ar an Ghaeilge agus ar chultúr na hÉireann.
Ag labhairt dó sa Tionól inniu, áit a ndearna sé óráid chomhalta i nGaeilge, dúirt urlabhraí pobail an pháirtí:
“Is coicís d’imeachtaí bríomhara lena ndéanfar ceiliúradh ar ár dteanga agus ár gcultúr dúchais é Seachtain na Gaeilge, agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo siúd a ghlac páirt in eagrú na féile seo.
“Tá an teanga ag borradh léi, agus bíonn sí le feiceáil thart timpeall orainn gach lá, rud a bheadh doshamhlaithe tá tamall beag gairid ó shin féin.
“Is í an Ghaelscolaíocht an earnáil is mó fás san oideachas. Ní raibh riamh oiread páistí ag roghnú foghlaim tríd an Ghaeilge, in ainneoin a mbíonn de dhúshláin roimh scoileanna agus múinteoirí achan lá.
“Sin ráite, ní san oideachas amháin atá fás mór faoin Ghaeilge. Tá méadú suntasach ag teacht ar úsáid na Gaeilge sna healaíona, sa spórt agus inár bpobail ar fud an oileáin.
“Agus Seachtain na Gaeilge ar siúl, mholfainn do gach duine sult a bhaint as an cheiliúradh is mó sa bhliain ar an Ghaeilge agus ar chultúr na Gaeilge agus páirt a ghlacadh in imeachtaí áitiúla.
“Leanfaimid orainn ag cur na Gaeilge chun cinn lena chinntiú gur féidir le hathbheochan na teanga dul i neart go gasta ar fud an oileáin. Ach ní mór maoiniú cóir a bheith mar chuid de sin.”
Gildernew encourages people to take part in Seachtain na Gaeilge events
Sinn Féin MLA Colm Gildernew today marked the beginning of Seachtain na Gaeilge.
The Irish language festival is running until March 17, and is one of the biggest events in the world celebrating Irish language and culture.
Speaking on Monday in the Assembly where he made his member’s speech in Irish, the party’s communities spokesperson said:
“This festival is a vibrant programme of events celebrating our native language and culture, and I want to commend those who have played their part in organising it.
“The language continues to flourish, and everyday we see its visibility around us, something that would have been unthinkable just a short while ago.
“Irish-medium education is the fastest growing sector in education, with record numbers of children choosing to learn through the language, despite the range of challenges faced by schools and teachers on a daily basis.
“However, the Irish language has grown well beyond the realms of education, and we are seeing an ever-increasing use of Irish in the arts, in sports and in our communities across the island.”
Mr. Gildernew also encouraged everyone to take part in Seachtain na Gaeilge events happening in their area.
“During Seachtain na Gaeilge, I would encourage everyone to enjoy the largest celebration of Irish language and culture of the year and to take part in local events.
“Let us keep moving Irish forward to ensure that the energetic revival of the language can continue at pace throughout our island, and that must include fair funding.”