July 3, 2020
Seasann Sinn Féin le pobal Rath Chairn – Johnny Guirke TD, Aengus Ó Snodaigh TD

Fáiltíonn Sinn Féin roimh an gcinneadh atá glactha ag siúd atá cónaí orthu i Rath Chairn athchomhairc a lorg san Ard Chúirt i dtaca le cinneadh an Bhoird Pleanála cead a thabhairt eastát tithíochta bheith tógtha gan coinníollacha láidir teangan bheith gafa leis.

Is léir ón méid atá tarlaithe i Rath Chairn go bhfuil géarghá roimh choinníollacha Pleanála láidir maidir leis an nGaeilge bheith ann chun cosaint cheart a thabhairt do cheantair Gaeltachta.

Déanfaidh Sinn Féin cinnte de nuair a mbeidh Bille na dTeangacha Oifigiúla os comhair na Dála seo mar atá geallta, go mbeidh sé leasaithe ionas nach mbeidh na húdaráis pleanála in ann teacht timpeall ortha.

Sa chás seo in ainneoin gur dhiúltaigh Comhairle Contae na Mí don iarratas Pleanála, agus gur lorg cigire Pleanála An Bord Pleanála coinníollacha docht teangan bheith ar aon cead a mbronnfaí, dhéan An Bord Pleanála cead a thabhairt do 28 teach agus Teach lóistín bheith tógtha.

Bhí cruinniú idir baill Chomharchumann Ráth Chairn agus Teachtaí Dála Shinn Féin (Johnny Guirke, Aengus Ó Snodaigh agus Máiréad Farrell) le déanaí leis an gceist a phlé, agus chun tacaíocht an pháirtí ar sheasamh muintir na háite a léiriú.

Dúirt an Teachta Guirke

“Is droch chinneadh seo ó An Bord Pleanála agus is léir nach ar mhaithe ceantair bhig Gaeltachta ar nós Ráth Chairn atá sé. Caithfear dhéanamh cinnte de, gur do clanna le Gaeilge agus atá chun a clanna a thógaint le Gaeilge a bheidh aon teach a bheas tógtha sa Ghaeltacht.”

Ag treaslú le muintir Ráth Chairn dúirt Aengus Ó Snodaigh TD,

“Bheadh sé tubaisteach agus i gcoinne aon sort pleanáil teanga nó tarrtháil na Gaeltachta atá ag an Stát má ligtear de seo dul ar aghaidh. Déanfaidh an cinneadh seo dochar as cuimse don atmaisféar sochtheangeolaíochta sa cheantar. 

Is toisc nach raibh cosaint ag Gaeltachtaí atá creimeadh ag teacht ar theorainn na nGaeltachtaí agus níos mó agus níos mó clanna le Béarla amháin agus ag tógaint a gclanna le Béarla á chur fúthu nó ag cónaí sna Gaeltachtaí, agus ní amháin ag an imeall. Impím ar an oiread Gaeilgeoirí agus díograiseoirí tacú le muintir Ráth Chairn, agus iarraim ar an Aire Gaeltachta Catherine Martin, gach cuidiú ar féidir a thabhairt dóibh ina gcás san Ard Chúirt.”

Follow us online

Latest Tweets

Transparency & accountability crucial to restore confidence at University of Limerick – @QuinlivanTD

Teachta Quinlivan's comments come following reports the Garda Economic Crime Bureau is examining issues relating to a controversial housing deal at UL.

It is essential that a State apology is now made to the families of the Stardust tragedy.

@MaryLouMcDonald has said that the apology must address the failures of governments, not just 43 years ago in the aftermath of this tragedy, but every day since then.

#JFT48

Following a meeting with the families of the Stardust tragedy this morning, @MaryLouMcDonald has said that "a full state apology to the families must be made now, and it must address the systematic failure over 43 years".

MORE: https://vote.sinnfein.ie/a-full-state-apology-to-stardust-families-must-address-systematic-failure-over-43-years-mary-lou-mcdonald/

ICOB in danger of being becoming another failed government business support scheme – @loreillysf

“It's essential that the May 1st deadline for registrations is extended, and that government & local authorities engage with SME's to encourage take-up."

Load More