Fáiltíonn Sinn Féin roimh an gcinneadh atá glactha ag siúd atá cónaí orthu i Rath Chairn athchomhairc a lorg san Ard Chúirt i dtaca le cinneadh an Bhoird Pleanála cead a thabhairt eastát tithíochta bheith tógtha gan coinníollacha láidir teangan bheith gafa leis.
Is léir ón méid atá tarlaithe i Rath Chairn go bhfuil géarghá roimh choinníollacha Pleanála láidir maidir leis an nGaeilge bheith ann chun cosaint cheart a thabhairt do cheantair Gaeltachta.
Déanfaidh Sinn Féin cinnte de nuair a mbeidh Bille na dTeangacha Oifigiúla os comhair na Dála seo mar atá geallta, go mbeidh sé leasaithe ionas nach mbeidh na húdaráis pleanála in ann teacht timpeall ortha.
Sa chás seo in ainneoin gur dhiúltaigh Comhairle Contae na Mí don iarratas Pleanála, agus gur lorg cigire Pleanála An Bord Pleanála coinníollacha docht teangan bheith ar aon cead a mbronnfaí, dhéan An Bord Pleanála cead a thabhairt do 28 teach agus Teach lóistín bheith tógtha.
Bhí cruinniú idir baill Chomharchumann Ráth Chairn agus Teachtaí Dála Shinn Féin (Johnny Guirke, Aengus Ó Snodaigh agus Máiréad Farrell) le déanaí leis an gceist a phlé, agus chun tacaíocht an pháirtí ar sheasamh muintir na háite a léiriú.
Dúirt an Teachta Guirke
“Is droch chinneadh seo ó An Bord Pleanála agus is léir nach ar mhaithe ceantair bhig Gaeltachta ar nós Ráth Chairn atá sé. Caithfear dhéanamh cinnte de, gur do clanna le Gaeilge agus atá chun a clanna a thógaint le Gaeilge a bheidh aon teach a bheas tógtha sa Ghaeltacht.”
Ag treaslú le muintir Ráth Chairn dúirt Aengus Ó Snodaigh TD,
“Bheadh sé tubaisteach agus i gcoinne aon sort pleanáil teanga nó tarrtháil na Gaeltachta atá ag an Stát má ligtear de seo dul ar aghaidh. Déanfaidh an cinneadh seo dochar as cuimse don atmaisféar sochtheangeolaíochta sa cheantar.
Is toisc nach raibh cosaint ag Gaeltachtaí atá creimeadh ag teacht ar theorainn na nGaeltachtaí agus níos mó agus níos mó clanna le Béarla amháin agus ag tógaint a gclanna le Béarla á chur fúthu nó ag cónaí sna Gaeltachtaí, agus ní amháin ag an imeall. Impím ar an oiread Gaeilgeoirí agus díograiseoirí tacú le muintir Ráth Chairn, agus iarraim ar an Aire Gaeltachta Catherine Martin, gach cuidiú ar féidir a thabhairt dóibh ina gcás san Ard Chúirt.”