Léirigh foireann Dála Shinn Féin don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, Aengus Ó Snodaigh TD agus Conor McGuinness TD, dlúthpháirtíocht le hearnáil na Gaeilge agus iad ag tabhairt faoi stailc amárach i gcoinne na ciorruithe beartaithe ag Foras na Gaeilge.
Dúirt an Teachta Ó Snodaigh urlabhraí Gaeilge agus Gaeltacht:
“D’ardaigh mé ceist na gciorraithe agus an stailc fógartha leis an Taoiseach inniu sa Dáil.
“Teastaíonn gníomh gan mhoill ón Aire Gaeltachta Dara Calleary chun maoiniú a chur ar fáil do na heagraíochtaí sin atá faoi bagairt ag na ciorruithe chun a chinntiú nach dtitfidh an tóin as iarrachtaí ríthábhachtacha teanga atá ar bun fud fad na tíre ag ceanneagraíochtaí agus ag grúpaí pobail.
“Earnáil is ea seo atá tar éis éacht as cuimse a bhaint amach ag cur borradh faoi úsáid na Gaeilge in ainneoin 20 bliain dí-infheistíochta a fhulaingt faoi rialtais Fhianna Fáil agus Fhine Gael, agus anois tá an DUP ag cur bac roimh athrú riachtanach ar an gcreatlach trasteorann maoinitheach do Foras na Gaeilge.
“Má tá dóthan airgid ann chun €7 milliún a chaitheamh ar chóras lochtach IT don Chomhairle Ealaíon, caithfidh go bhfuil go leor pinginí ann chun stop a chur leis an €800,000 atá beartaithe a bhaint ó lucht na Gaeilge.”
D’aontaigh an Teachta McGuinness (urlabhraí sóisearach Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta):
“Seasann Sinn Féin le hearnáil na Gaeilge, mar a sheas i gcónaí. Léireoidh stailc an lae amárach go bhfuil an ghéarchéim ag cur brú ollmhór ar ghrúpaí atá ag feidhmiú ag leibhéal an phobail. Tá an-mheas ag Gaeilgóirí na tíre ar an obair atá déanta ag eagraíochtaí pobal Gaeilge, baineann an maoiniú seo le forbairt pobail agus athbheochán na Gaeilge ó Oirthear Bhéal Feirste go dtí Trá Lí.
“Tá réiteach fadtéarmach ag teastáil ar mhúnla maoinitheach Fhoras na Gaeilge gan amhras, agus tá Sinn Féin tar éis gach iarracht a dhéanamh an athrú cuí a mholadh i gCnocán an Anfa, ach go dtí go bhfuil réiteach againn ar an meicníocht nua sin, tá sé faoin Rialtas i mBaile Átha Cliath gach ní a dhéanamh, go háirithe agus iad ag anois ag tabhairt seacht n-oiread níos lú don teanga ná mar a mhol Sinn Féin sa Bhuiséad deireanach.”