“Masla i ndiaidh masla i ndiaidh masla”, sin a deir Cathaoirleach Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobail Labhartha na Gaeilge, Aengus Ó Snodaigh TD agus é ag déanamh cur síos ar “sheachtain dhubh” i dtaobh cearta teanga a bheith sáraithe ag an stáit.
Inné, dhiúltaigh Teachtaí Dála as Fianna Fáil, Fine Gael agus an Comhaontas Glas glacadh le leasú molta ag Céim an Choiste ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla chun seirbhísí trí Ghaeilge a chinntiú sa Ghaeltacht faoi 2025, céad bliain ó gheall an stát a leithéad. Dúirt urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin:
“Tá an-taithí ag pobal labhartha na Gaeilge ar dhímheas an stáit, agus go hiondúil ní bhíonn iontas orthu faoi, ach ní minic a bhriseann scéal mór scannalach amach gach lá sa tseachtain ag léiriú dímheas an stáit i leith an teanga náisiúnta.
“Dé Luain: D’impigh an tAire Leanaí, atá ceaptha a bheith freagrach as “comhionannas” freisin, ar sholáthraí chúraim leanaí lán-Ghaeilge teachtaireacht bolscaireachta Béarla amháin a scaipeadh ar a shon ar phobail Gaeilge mar “bhuíochas” dóibh.
“Dé Céadaoin: Is as Béarla amháin ar féidir dul sa tóir ar phoist ard-chéime i Roinn na Gaeltachta.
“Déardaoin: Níl cead ag daoine sa Ghaeltacht clárú le haghaidh vacsaín seachas trí Bhéarla.“Oíche Déardaoin: Níl cead ag daoine sa Ghaeltacht Gaeilge a labhairt ag an obair – ní hamháin agus iad i mbun oibre, ach fiú ag labhairt le comhghleacaithe go sóisialta in ionad oibre maonaithe ag Údarás na Gaeltachta.
“Tá faitíos orm cad a thiocfaidh amach inniu agus thar an deireadh seachtaine.
“Cén saghas teachtaireacht atá seolta anseo ag an rialtas sa stát “dátheangach” seo, ag a bhfuil an Ghaeilge i ndán is a bheith mar phríomhtheanga oifigiúil?
“Má tá tú ag déanamh iarracht timpeallacht lán-Ghaelach a chothú do leanaí agus teaghlaigh áitiúil, tá ort Béarla a scaipeadh leo.“Má tá tú ag iarraidh polasaí Gaeilge an stáit a chur i bhfeidhm, labhair Béarla.“Má tá tú ag iarraidh sláinte agus éalú ón bpaindéim, labhair Béarla.“Má tá post uait sa Ghaeltacht, labhair Béarla.
“Caithfear stop a chur leis seo. Tá leasú molta againn don Choiste inniu chun an cheart Gaeilge a úsáid san ionad oibre nó in aon áit eile a chosaint faoin dlí – cosaint atá ag lucht labhartha na Breatnaise sa Bhreatain Bheag – agus tá deis ag an rialtas a léiriú an bhfuil siad dáiríre faoi chearta teanga Gaeilgeoirí agus tacaíocht a thabhairt dúinn.
“Tá Béarlú leanúnach á dhéanamh ar an nGaeltacht sa stát seo ó bunaíodh é, agus fós bíonn iontas ar an rialtas nuair a léiríonn gach píosa taighde go bhfuil meath suntasach tagtha ar an nGaeltacht mar thoradh ar a bpolasaithe frith-Ghaelacha.
“Is léir ó thaithí na seachtaine seo gur cuma sa tsioc leo faoi na mílte daoine atá ag maireachtáil trí Ghaeilge sa stáit seo, agus nach dtiocfaidh biseach ar chúrsaí go dtí go bhfuil Sinn Féin i gcumhacht.
“Tá sé thar am don Aire Gaeltachta a admháil go bhfuil géarchéim sochtheangeolaíoch sa Ghaeltacht, agus gurb an rialtas atá freagrach as.”