December 6, 2023
Níl leithscéal ar bith ag an Aire O’Brien gan na treoirlínte Gaeltachta a fhoilsiú anois – Aengus Ó Snodaigh TD

Mhol urlabhraí Gaeilge, Gaeltachta, Ealaíon agus Gaeltachta Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh TD, don Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien TD, stop a chur leis an moilleadóireacht agus na treoirlínte pleanála Gaeltachta a bhí geallta os cionn dhá bliain ó shin a fhoilsiú anois.

Tháinig a mholadh sna sáile ar fhreagra ón Aire Stáit Gaeltachta, Patrick O’Donovan TD, go bhfuil a Roinn réidh leis na treoirlínte.

Dúirt an Teachta Ó Snodaigh:

“Dúirt an tAire O’Brien le déanaí go raibh moill ar fhoilsiú na treoirlínte toisc nach raibh Roinn na Gaeltachta críochnaithe leo.

“Tá a fhios againn anois ón Aire O’Donovan go bhfuil Roinn na Gaeltachta críochnaithe leo.

“Mar sin níl leithscéal ar bith ag an Aire O’Brien anois gan iad a fhoilsiú chomh luath agus is féidir.

“Iarraim air é sin a dhéanamh. Tá muintir na Gaeltachta ag streachailt le fada, go háirithe toisc nach bhfuil daoine in ann tithe a thógáil nó a cheannacht ina gceantair féin. Bíonn tionchar aige sin ar inmharthanacht an phobail teanga agus teaghlaigh ag fágáil chun páistí a thógáil lasmuigh den Ghaeltacht, ag déanamh bánú agus Béarlú ar an nGaeltacht.

“Dúirt na comhairle contae go raibh siad ag fanacht ar threoirlínte ón Aire Tithíochta chun dul i ngleic le srianta pleanála sa Ghaeltacht ar mhaithe leis an bpobal teanga a chaomhnú. Dúirt siad an méid sin nuair ar eagraigh mé sraith cruinnithe ar an bpleanáil sa Ghaeltacht mar Chathaoirleach ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobail Labhartha na Gaeilge thart ar dhá bliain ó shin.

“D’fhoilsigh Sinn Féin polasaí chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo i mí an Mhárta 2022. Tá sé thar ama don Aire Tithíochta ár moltaí a chur i bhfeidhm agus gníomhú de réir a bhriathar.”

Follow us online

Latest Tweets

Share Your Story – Accessible Education for all.

Is your child at risk of missing out on a school place this year, or has this already impacted your family?

Next week in the Dáil, Sinn Féin will introduce a motion demanding educational equality!

#AccessibleEducation4all

Waiting times will not improve without a real plan for hospital overcrowding – @davidcullinane

"The Minister for Health must outline an immediate response to emergency department overcrowding."

Simon Harris’ innocent bystander routine on public waste fools nobody - @Farrell_Mairead

"The Tánaiste is apparently very cross about this. Just like he was cross on all those other occasions."

Load More

Statements