Tá urlabhraí Gaeilge, Gaeltachta, Ealaíon agus Cultúir Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh TD, tar éis diúltú don moladh gur chóir stádas Gaeltachta a bhaint ó ceantracha Gaeltachta ina bhfuil úsáid na Gaeilge ag leibhéal leochaileach, nó nach bhfuil údaráis áitiúla ag cur dlíthe pleanála Gaeltachta i bhfeidhm iontu.
Deir an Teachta Ó Snodaigh, atá ina Chathaoirleach ar Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobail Labhartha na Gaeilge, gur léiriú atá sa méid a bhí nochtaithe le linn cruinniú le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, áit a d’admhaigh pleanálaithe nach mbíonn cás na Gaeltachta san áireamh acu le linn cinnithe pleanála, go bhfuil gá an dlí a chur i bhfeidhm seachas é a bhaint, go háirithe agus obair díograiseach ar bhun ag oifigigh pleanála teanga fud fad na Gaeltachta.
Dúirt an Teachta Ó Snodaigh:
“Ní seo an am le géilleadh, go háirithe nuair atá oifigigh pleanála teanga fostaithe chun pleananna teanga a chur i bhfeidhm.
“Léirigh an méid a bhí le rá ag pleanálaithe de chuid Comhairle Cathrach na Gaillimhe os comhair an Comhchoiste inné cé chomh tubaisteach is atá cúrsaí i gceantair Gaeltachta sa chathair ar nós Cnoc na Cathrach agus an Bruach Thoir.
“Is cosúil go bhfuil neamhaird iomlán déanta acu ar na dualgais atá ar údaráis áitiúla i leith na Gaeltachta, ach léiríonn sé sin gur gá a chinntiú go cloífar leis na rialacha in áit fáil réidh leo.
“In áit a bheith ag géilleadh talamh, ba chóir níos mó infheistíochta a lorg chun pleananna uailmhianacha a mhaoiniú, agus féachaint go dáiríre ar conas athGhaelú a dhéanamh ar na ceantair Gaeltachta sin atá Béarlaithe de thairbhe neamhaird an stáit thar na blianta.
“Tá a fhios againn go léir nach bhfuil dóthain tacaíocht ar fáil do na pleanálaithe teanga agus na coistí deonacha atá ar na línte tosaigh ó thaobh caomhnú na Gaeltachta de.
“Cinnte tá cás leochaileach le feiceáil go forleathan sa Ghaeltacht, ach ní thugann sé sin ceart dúinn éalú ón dualgas gach rud is féidir linn a dhéanamh chun na pobail teanga fiú sna ceantracha is leochaileaí sin a shábháil, daoine a spreagadh chun an Ghaeilge a labhairt in áiteanna ina bhfuil an lámh in uachtar ag an mBéarla, agus daoine le Gaeilge a mhealladh chun cónaí sa Ghaeltacht agus rannpháirtíocht a ghlacadh i saol agus inbhuanaitheacht na pobal sin.
“Tá an cath fós ar siúl don Ghaeltacht – níl sí caillte, agus is cinnte nach bhfuil sí buaite go fóill ach oiread díreach toisc go bhfuil Acht nua Teanga achtaithe nó pleananna teanga aontaithe.
“B’éigean dúinn ár misneach a choimeád agus tabhairt faoin dlí a chur i bhfeidhm agus a threisiú, in áit na cosaintí laige atá ann a bhaint.”