February 18, 2025
Ní mór do gach páiste le riachtanais bhreise a bheith ábalta áitscoile a fháil – Shónagh Ní Raghallaigh TD

Tá Shónagh Ní Raghallaigh TD, urlabhraí OideachaisSpeisialta de chuid Shinn Féin, tar éis a rá nach mór do gachpáiste le riachtanais bhreise a bheith in ann áit scoile a fháil.

Bhí an Teachta Ní Raghallaigh ag labhairt roimh miontuairisca chur os comhair na Dála ag iarraidh ar an rialtas líon nan-áiteanna scoile speisialta, na ranganna speisialta agus nahuaireanta teagaisc oideachais speisialta a leathnúláithreach fud fad na tíre.

Dúirt sí gur theip ar rialtais Fianna Fáil agus Fine Gael pleanáil agus infheistíocht chuí a dhéanamh chun oideachasspeisialta a leathnú, rud atá do dochrach do pháistí le riachtanais bhreise atá fágtha gan áit scoile.

Dúirt Teachta Ní Raghallaigh:

“Ní mór do gach páiste le riachtanais bhreise a bheith in annáit scoile a fháil.

“Tá an easpa ranganna speisialta agus áiteanna scoileoiriúnacha faoi láthair ag fágáil páistí, go háirithe iad siúd le riachtanais bhreise, gan rochtain ar oideachas cuí, ag cruthútráma agus brón do pháistí, a dtuismitheoirí agus a muintir.

“Tá tuismitheoirí fud fad na tire tar éis teagmháil a dhéanamhliom agus iad go léir ag fáil litreacha diúltaithe agus iad fágthagan áit scoile oiriúnach dá pháiste.

“I bhformhór na gcásanna, tá orthu dul ar scoil sa bhaile. I roinnt cásanna, tuairiscítear go bhfuil a bpáiste ag dul in olcas. Chuireann seo brón orm.

“Tá rialtais leanúnacha Fianna Fáil agus Fine Gael tar éisteipeadh i leith pleanáil agus infheistíocht chuí a dhéanamhchun oideachas speisialta a leathnú.

“Tá easpa comhoibriú idir an Roinn Oideachais, an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE) agusna scoileanna, rud atá mar thoradh ar chóras scoilte agusneamhéifeachtach, le tionchar neamhghníomhach ar pháistí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste, atá ós comhair níos mó bacainníchun oideachas cuí a fháil.

“Tá páistí fós le riachtanais bhreise gan áit scoileoiriúnach. Níor gniomhaigh an rialtas do na páistí seo i MheánFómhair 2024, agus ní féidir a leithéid a tharla arís i MheánFómhair 2025.

“B’shin an fáth go bhfuil rún ag Sinn Féin ag sa Dáil an tseachtain seo, ag iarraidh ar an rialtas gníomhú ar an gceistseo.

“Ní mór don rialtas líon na n-áiteanna scoile speisialta, ranganna speisialta agus na huaireanta teagaisc oideachaisspeisialta a leathnú láithreach ar fud an stáit.

“Ní féidir glacadh le staid oideachais speisialta na tíre seo. Tásé ag teipeadh i leith cearta páistí le riachtanais bhreise a chosaint.

“Ní mór don rialtas a chinntiú go mbeidh rochtain ag gachpáiste atá gan áit scoile oiriúnach faoi láthair, agus ag gachpáiste atá ag dul ar scoil bhunscoile nó iar-bhunscoile i míMheán Fómhair 2025, ar áit scoile oiriúnach laistigh de achar réasúnach óna bhaile.”

Follow us online

Latest Tweets

Share Your Story – Accessible Education for all.

Is your child at risk of missing out on a school place this year, or has this already impacted your family?

Next week in the Dáil, Sinn Féin will introduce a motion demanding educational equality!

#AccessibleEducation4all

Waiting times will not improve without a real plan for hospital overcrowding – @davidcullinane

"The Minister for Health must outline an immediate response to emergency department overcrowding."

Simon Harris’ innocent bystander routine on public waste fools nobody - @Farrell_Mairead

"The Tánaiste is apparently very cross about this. Just like he was cross on all those other occasions."

Load More

Statements