December 8, 2021
Náire don Ghaeilge: Seanadóirí Rialtais ag vótáil i gcoinne a gcuid leasuithe féin – Seanadóir Niall Ó Donnghaíle

Dúirt Ceannaire agus Urlabhraí Gaeilge Seanaid Shinn Féin, An Seanadóir Niall Ó Donnghaíle, go raibh ionadh an domhain air faoin méid a thit amach ag Céim na Tuarascála ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla sa Seanad inniu, agus na Seanadóirí Rialtais tar éis cur i gcoinne a gcuid leasuithe féin.

Dar leis an Seanadóir Ó Donnghaíle:

“Déanann sé ceacht magaidh don Seanad nuair atá Seanadóirí ag moladh leasuithe le linn don phlé ar nós go dtacaíonn siad le cearta Gaeilgeoirí a threisiú, agus ansin nuair a chuireann an tAire in iúl nach bhfuil suim dá laghad aige réiteach a thabhairt ar a gceist, tarraingíonn siad siar nó déanann siad vótáil i gcoinne a gcuid leasuithe féin. Tá sé náireach nach féidir le Seanadóirí Rialtais seasamh suas dóibh fein nó don Ghaeilge.

“Cur i gcéil náireach atá ar bhonn nuair a dhéanann na Seanadóirí airithe a maíomh go poiblí go n-aontaíonn siad le moltaí Chonradh na Gaeilge, toisc gur a mhalairt go hiomlán atá le sonrú sa Seanad uathu.

“Is mór an trua gur dhiúltaigh an rialtas le leasuithe go léir Shinn Féin ag Céim na Tuarascála, ach sin gnáthmheon frithGhaelach an rialtais. Cháin Fianna Fáil agus na Glasaigh an Bille nuair a d’fhoilsigh an Seanadóir Kyne é mar Aire i 2019, ach anois agus iad sa rialtas le chéile, tá a lán de na lochtanna céanna le feiceáil go fóill.

“Ar a laghad d’éirigh le Sinn Féin sa Dáil agus sa Seanad an tAire a náiriú chun roinnt leasuithe suntasacha a dhéanamh ar an mBille agus go bhfuil Bille i bhfad níos láidre againn anois ná mar a bhí ag tús an phlé.”

Follow us online

Latest Tweets

📻 Sinn Féin spokesperson on Health @davidcullinane will be live on @morningireland today, from 8:15am.

Listen here: http://rte.ie/radio1

Scoliosis Scandal: @KathleenSF1 says we need a child-centred, independent investigation into the scoliosis scandal which has seen unapproved metal implants being used in surgical procedures, resulting in poor outcomes for many children. #RTÉtwip #TWIP

📺 Sinn Féin spokesperson on Children @Kathleensf1 will be live on @rtetwip today from 12noon.

Watch here: https://www.rte.ie/player/onnow

#TWIP

Load More