July 21, 2021
Léiriú ón gCoimisinéir Teanga gur gá an Bille Teanga a láidriú go mór – Aengus Ó Snodaigh TD

Léiriú ar cé chomh tubaisteach is atá an reachtaíocht teanga ná an méid atá le léamh i dTuarascáil Faireacháin an Choimisinéara Teanga, dar le hurlabhraí Gaeilge, Gaeltachta, Ealaíon agus Cultúir Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh TD.

Dúirt an Teachta Ó Snodaigh, atá mar Chathaoirleach ar Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobail Labhartha na Gaeilge:

“Tréaslaím an Coimisinéir Teanga agus a hOifig as an obair atá curtha isteach sna himscrúduithe go léir atá leagtha amach sa Tuarascáil, ach is ábhar tromchúiseach dúinn go léir mar Theachtaí Dála é go bhfuil an reachtaíocht teanga á sárú chomh minic sin.

“Beagnach 20 bliain ó chinn Tithe an Oireachtais aitheantas oifigiúil a thabhairt do logainmneacha Gaeltachta sa Ghaeilge amháin, tá Béarlú oifigiúil ar bhailte agus seoltaí Gaeltachta fós ar bhun ag an rialtas i gcás Éirchód, gan leithscéal ar bith.

“D’éirigh linn fáil réidh len a leithéad de ‘Kingstown’,’Queenstown’ agus ‘Maryborough’ thart ar céad bliain ó shin, ach ar chúis éicint tá ath-Ghaelú níos deacra anois don stát fiú sa Ghaeltacht.

“Níos measa fós ná an t-easpa rannpháirtíochta déanta ag údaráis áitiúla le himscrúduithe an Choimisinéara, agus go bhfuil ar an Choimisinéir smaoineamh ar imeachtaí dlí a thionscnú don chéad uair ariamh mar atá de chumhachta aige de réir alt 22 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

“Is oth liom a rá go bhfuil seans maith ann nach dtabharfaidh comhlachtaí poiblí aird ar a gcuid dualgais reachtúla teanga go dtí go bhfuil píonós gearrtha orthu sna cúirteanna.

“Chuir mé fáilte roimh fhógra an Aire Stáit Gaeltachta Jack Chambers go raibh sé sásta glacadh le 32 leasuithe molta ag Teachtaí an Fhreasúra ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla nuair a thagann sé ar ais os comhar na Dála tar éis don samhraidh – leasuithe Shinn Féin don chuid is mó – ach tá súil agam go dtabharfaidh sé deis dúinn plé ceart a dhéanamh ag Céim na Tuarascála faoin gcineál córas fíneálach atá de dhíth ar chomhlachtaí poiblí chun a chinntiú go ndéanfaidh siad coinníollacha teanga a chomhlíonadh agus cearta teanga a chosaint.

“Tugadh an ceart don Aire Gaeltachta córas chúitimh mar sin a bhunú de réir alt 27 d’Acht 2003, ach is léir nach bhfuil úsáid á bhaint as an bhforáil sin, agus go bhfuil gá ann píonóis a shonrú san Acht féin.

“Gan Bille níos láidre, leanfaidh an Coimisinéir ag seoladh tuarascáil i ndiaidh tuarascáil ag cáineadh cé chomh easnamhach is atá an soláthar ar phobal na Gaeilge, ach ní thiocfaidh leigheas ar bhunús na faidhbe.”

Follow us online

Latest Tweets

Communities need to be safe. Nothing less will do.

Now is the time to prioritise public safety, we need to give the Gardaí the support and resources they need, and we need an increased, visible Garda presence on the streets so our communities feel secure.
@loreillysf

Basic Income for the Arts Report welcome, but ignores Disabled Artists and artists on welfare – @aosnodaigh

"Disabled artists are now at an added disadvantage compared to their artist peers who receive the basic income."

Government must support Sinn Féin bill to prevent more children being made homeless this Christmas - @EOBroin

“Next week Sinn Féin will bring forward a bill so ordinary workers, families and children cannot be evicted when they have done nothing wrong.”

https://vote.sinnfein.ie/government-must-support-sinn-fein-bill-to-prevent-more-children-being-made-homeless-this-christmas-eoin-o-broin-td/

Load More