Tá ráite ag an Teachta Dála de chuid Shinn Féin do Ghaillimh Thiar/Maigh Eo Theas Mairéad Farrell gur iarracht atá sa dréacht chlár rialtais atá aontaithe ag Fianna Fáil, Fine Gael agus an Comhaontas Glas “dalladh púicín” a chur ar mhuintir na Gaeltachta is na Gaeilge.
Dúirt an Teachta Farrell;
“Níl aon cheo nua sa gclár rialtais seo a thabharfadh sásamh do mhuintir na Gaeltachta is na Gaeilge.
“Béalghrá den chuid is mó atá sna ráitis gan bhrí atá le léamh sa gcáipéis seo ach pé ar bith céard faoin duine nach dtuigeann cúrsaí Gaeilge is atá dall ar an ngéarchéim sa nGaeltacht maidir le cúrsaí fostaíochta, teangan, infreastruchtúr is bunseirbhisí poiblí, cúis náire amach is amach go raibh ábhar rialtais againn sa tír seo a thugann faoin ealaín chéanna.
“Níl aon ghealltanas maidir le toghcháin phoiblí a thabhairt ar ais do bhord Údarás na Gaeltachta agus níl caint ar bith ar Aire Sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Bhí barúil againn nach raibh Fine Gael sásta polasaithe mar seo a chur i bhfeidhm ach tá a fhios againn anois nach raibh Fianna Fáil ná an Comhaontas Glas ró-chorraithe fúthu ach an oiread.
“Deirtear linn go dtabharfar tús áite do bhranda “Gaeltacht na hÉireann”, agus sin í an áit a bhfuil an buile. Sin duit an tuiscint atá acu ar an nGaeltacht. Branda atá ann le turasóirí a mhealladh don tír seo agus riocht an Ghaelachais a tharraingt orainn seachas infheistíocht cheart a chur isteach i gceantracha Gaeltachta sa gcaoi is gur féidir leis an bpobal maireachtáil ann.
“An méid atá sa gcáipéis i dtaobh chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, Bille na dTeangacha Oifigiúla agus Lárionaid Ghaeilge do Bhaile Atha Cliath agus áiteacha eile ‘fud fad na tíre’, tugadh na geallúintí sin cheana agus níl ann ach athrá ar a bhfuil beartaithe.
“Dar liomsa gur iarracht atá sa gclár rialtais seo dalladh púicín a chur ar mhuintir na Gaeltachta is na Gaeilge. Más ea, is lag mar iarracht í. Tá seans fós againn an clár seo a chaitheamh i dtraipisí agus iallach a chur ar na páirtithe dul chun cainte le Sinn Féin ach g bo gcaithfeadh baill na bpáirtithe sin vótáil ina aghaidh ag na comhdhálacha a bhéas ar siúl go gairid amach romhainn. D’fhéadfaí ansin plean ceart feiliúnach a chur le chéile ina mbeadh spriocanna soiléire, amlínte agus eile, ní hamháin don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ach don stát ar fad.”