Tá géarghá le soiléireacht faoi shrianta Covid-19 ar choláistí Gaeilge dar le Teachta Dála Shinn Féin do Dún na nGall, Pearse Doherty TD.
Dúirt an Teachta Doherty:
“Tá ráflaí ann go mbeidh srianta Covid-19 curtha ar Choláistí Gaeilge agus ranganna churtha ar líne.
“Is coláistí iad seo a bhí ag ceapadh go mbeadh na céadta mac léinn tríú leibhéal ag freastal ar chúrsaí Gaeltachta thar an Cháisc, agus tá sé ina ráfla go bhfuil siad sin á gcur ar líne anois.
“Más fíor sin, is buille é seo do Mhná Tí, do gach ceantar Gaeltachta agus do na coláistí.
“Tá gá le soiléiriú práinneach ón rialtas.”
CRÍOCH