Béarla thíos | English below
Gabhann Reilly comhghairdeas le Kneecap
Labhair MLA Shinn Féin Aisling Reilly sa Tionól tráthnóna inniu faoin rath an grúpa rapcheoil agus réaltaí scannán Kneecap.
Mhol MLA Iarthar Bhéal Feirste an triúr agus foireann s’acu as dhá IFTA agus BAFTA a bhuaigh:
“Tá Liam Óg, Naoise, agus JJ tar éis athraigh as éadan a dhéanamh ar an Ghaeilge tríd an Ghaeilge a léiriú agus a chur chun cinn ar ardán domhanda.
“Chuidigh a gcuid oibre leis an teanga a dhéanamh ábhartha do ghlúin nua atá ag fás, rud a chinntíonn nach bhfuil sí caomhnaithe amháin, ach ceiliúrtha chomh maith.
“Trína gcuid ealaíne, d’oscail siad doirse do lucht féachana ar fud an domhain, ag tabhairt teachtaireacht chumhachtach faoi theanga, faoi fhéiniúlacht agus faoi chultúr.
“Léirigh siad dúinn an dóigh arbh fhéidir leis an chruthaitheacht a bheith mar ghléas chun an teanga a chaomhnú.
“Is léiriú é an rath seo ar chumhacht na healaíne chun féiniúlacht chultúrtha a chur chun cinn, agus feasacht a chothú ar chúiseanna polaitiúla agus sóisialta, ní hamháin anseo sa bhaile, ach go hidirnáisiúnta freisin lena n-áirítear an streachailt ar son na saoirse sa Phalaistín.
“Céim shuntasach eile in athbheochan leanúnach na Gaeilge is ea éachtaí an deireadh seachtaine seo chuaigh thart, teanga atá fós ag dul i neart, i dtionchar agus i mórtas.
“Maith sibh a chairde, cuireann tú an-bhród orainn ar fad in iarthar Bhéal Feirste agus ar fud an oileáin.
“Lean oraibh ag briseadh talamh, lean oraibh ag taispeáint cumhacht na cruthaitheachta, an chultúir agus na féiniúlachta don domhan chun athrú dearfach a chur ar fáil ar fud na sochaí.”
Reilly congratulates Kneecap
Sinn Féin MLA Aisling Reilly this afternoon spoke in the Assembly on the success of rap group and film stars Kneecap.
The West Belfast MLA praised the trio and the team surrounding them for their IFTAs and BAFTA:
“Liam Óg, Naoise, and JJ have revolutionised the Irish language, showcasing and putting An Ghaeilge at the forefront of the global stage.
“Their work has helped make the language relevant to a new and growing generation, ensuring it is not just preserved, but celebrated.
“Through their art, they’ve opened doors to a worldwide audience, delivering a powerful message about language, identity, and culture.
“They have shown us how creativity can be a vehicle for preserving the language.
“This success is a testament to the power of art to promote cultural identity, and to build awareness of political and social causes, not just here at home, but also internationally including the struggle for freedom in Palestine.
“Last weekend’s achievements marks another significant step in the ongoing resurgence of the Irish language, a language that continues to grow in strength, influence, and pride.
“Maith sibh a chairde, you make us all incredibly proud in west Belfast and across the island.
“Keep pushing the boundaries, keep raising the bar, and keep showing the world the incredible power of creativity, culture, and identity to deliver positive change across society.”