October 2, 2020
Gá le’n a lán leasuithe ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla chun an Ghaeilge a shlánú – Aengus Ó Snodaigh TD

Fáiltíonn urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh TD, roimh an scéal go mbeidh Bille na dTeangacha Oifigiúla ar ais ós comhar na Dála ar an Déardaoin seo chugainn, ach d’fhógair sé nach nglacfaidh Sinn Féin le Bille nach ndeineann deileál le na fadhbanna bunúsacha sa slí a chaitheann an Stáit le mhuintir na Gaeltachta agus le Ghaeilgeoirí i gcoitinne.

“Is díomá mhór é”, dár leis an Teachta Ó Snodaigh, ”nach bhfuil radharc fós ar na leasaithe ar gá chun an mBille lochtach a chuir rialtas Fine Gael ós comhair na Dála anuraidh a fheabhsú. Ní fiú tabhairt faoi athrá a dhéanamh ar an méid a bhí ráite cheanna faoin mbille lochtach seo mura bhfuil geallúint ón aire go bhfuil sí chun tabhairt faoi na fadhbanna bunúsacha a léiríodh nuair a chéad foilsíodh an bille anuraidh. 

“Tá mé féin agus a lán de lucht na Gaeilge den tuairim nach fiú tráithnín an Bille mura dtugann an bille faoi na fadhbanna móra atá ann maidir le ceartaí saoránaigh deileál leis an státchóras as Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh, agus an easpa tosaíocht ón Stáit maidir leis an teanga agus an Ghaeltacht le fada.”

I measc na leasaithe atá á lorg ag Sinn Féin, bunaithe ar moltaí Chonradh na Gaeilge, an Choimisinéara Teanga, agus phobal na Gaeilge i gcoitinne, ná:

  • Spriocdhátaí soiléir don chéatadán le Gaeilge in earcaíocht na státsheirbhíse agus do sholáthair seirbhísí trí Ghaeilge i gceantair Gaeltachta.
  • Foráil daingean a chuirfidh dualgas ar an Stát seirbhísí Gaeilge sa Ghaeltacht a chinntiú.
  • Ionadaíocht a thabhairt do shaineolaithe agus don phobal ar an gCoiste Comhairleach a bhunaíonn sé.
  • Cumas faireachán réamhghníomhach a thabhairt don Choimisinéir Teanga ar chur i bhfeidhm aon fhorálacha teanga in achtachán eile (Acht Oideachais 1998, Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, Acht Craolacháin 2009, srl.), agus a Oifig a threisiú.

Anuas ar sin, dúirt an Teachta Ó Snodaigh go mba ábhar imní é nach bhfuil dréacht-chaighdeáin teanga curtha ar fáil go fóill agus córas caighdeán fógartha sa mBille le teacht in áit na scéim teanga atá ag comhlachtaí stáit faoi láthair. Cé go b’fhéidir go mbeadh córas caighdeán fiúntach, dar leis, ní féidir breithiúnas a dhéanamh air gan fios a bheith againn cad is caighdeán ann.

Má ghlacann Dáil Éireann le dara chéim an mBille, rachaidh sé ós comhar Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta, na nOileán agus Phobal na Gaeilge go luath, a bhfuil Aengus Ó Snodaigh mar Chathaoirleach air freisin, agus tá ráite aige go mbeidh sé ag cuir leasuithe chuimsitheacha le chéile chun deileál le na h-easnaimh sa Bhille, mura bhfuil aon cheo ag teacht ón Aire Catherine Martin agus a chomhleacaí an t-Aire Soisearach Jack Chambers.

Dúirt an Teachta Ó Snodaigh: 

“Tá pobal na Gaeilge ag fanacht ar an mBille seo leis na blianta, agus dúradh go mba chúis leis an mhoill go raibh an rialtas ag iarraidh éisteacht le moltaí ó eagrais agus ón phobal teanga chun go mbeadh an Bille foirfe. Bhí sé soiléir nuair a fhoilsíodh é in 2019 nár thug siad aird ar bith don méid a bhí le rá acu.

“Sa díospóireacht ag an am sin, dúirt Fianna Fáil nach bhféadfaidís tacú leis an mBille, ag rá gurb ar nós “The Emperor’s New Clothes” a bhí sé gan spriocdhátaí leagtha go soiléir ann, ach anois is Aire Stát de chuid Fhianna Fáil a bhéas á chuir ós comhair na Dála. Beidh sé spéisiúil a chur chuige thar ceann an rialtas agus Fianna Fáil an uaire seo.

“An tseachtain seo bhuail Teachtaí Dála de chuid Shinn Féin le gníomhairí teanga as gach chearn den tír ag ócáid fhíorúil SEAS a d’eagraigh Conradh na Gaeilge, agus chur siad ina luí orainn gur chóir go mbeadh 2030 leagtha síos sa reachtaíocht mar spriocbhliain don sprioc earcaíochta de 20% sa stát-seirbhís, agus mar spriocbhliain freisin faoina mbeidh gach seirbhís curtha ar fáil trí Ghaeilge do phobal na Gaeltachta.

“Gan spriocdháta nó na leasaithe eile atá de dhíth air, ní thiocfaidh aon biseach ar ghéarchéim na Gaeilge agus na Gaeltachta mar gheall ar an mBille seo, agus níl sé soiléir go ndéanfaidh sé feabhas a chur ar faic.

“Bhí Acht na dTeangacha Oifigiúla ar cheann de na céad píosaí reachtaíochta a tháinig romhaim nuair ar thoghadh mé mar Theachta Dála don chéad uair sa bhliain 2002, agus dúirt mé ag an am go mbeadh leasaithe ag teastáil chomh luath agus gur féidir. Seo an chéad uair a bheidh an deis againn na leasaithe sin a chur i bhfeidhm, agus seans nach dtiocfaidh an deis romhainn arís ar feadh tamaill fada.

“Mar sin, impím ar an rialtas a leasaithe agus an dréacht-chaighdeáin a fhoilsiú láithreach, ionas go mbeidh Sinn Féin in ann mionscrúdú a dhéanamh ortha. 

“Tá Bille láidir ag teastáil ó phobal na Gaeilge, agus ní ghlacfaidh Sinn Féin le Bille lochtach.”

Follow us online

Latest Tweets

Proud to stand with the largest team of Sinn Féin TDs in over 100 years.

We are more determined than ever to deliver real change for workers, families, and communities across the island.

We’re back in Leinster House today with the largest team of Sinn Féin TDs in over 100 years.

A team of 39 TDs with the energy, determination, and commitment to deliver for working people. We want to thank the hundreds of thousands of people who voted for Sinn Féin and for real…

This is the biggest group of Sinn Féin TDs to enter Leinster House in over a century

We are here to work for you, we are in your corner and we will never ever give up on our mission to create an equal, a fair and a united Ireland

The work of winning a better future for all continues right now – @MaryLouMcDonald

"We are in the corner of ordinary people. We have your back, and we are not giving up."

Load More

Statements