Chuir urlabhraí Gaeilge, Gaeltachta, Ealaíon, Cultúir, Turasóireachta agus Meán Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh TD, fáilte dhoicheallach roimh an bPlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge a d’fhoilsigh an rialtas an tseachtain seo caite.
Léirigh Cathaoirleach an Choiste Oireachtas Gaeilge díomá nár foilsíodh Plean Gníomhaíochta mar chuid den seoladh.
Dúirt an Teachta Ó Snodaigh:
“Tá pobal labhartha na Gaeilge ag feitheamh le trí bliana anuas ar phlean ón rialtas chun dul i ngleic leis an easpa soláthar ar fáil dóibh ina dteanga féin ó sheirbhísí poiblí, go háirithe sa Ghaeltacht, agus chun a léiriú conas a mbainfear amach an sprioc earcaíochta 20% do chomhlachtaí poiblí faoi 2030.
“Anois, tá plean foilsithe, ach plean ag fógrú pleananna eile atá le teacht am éicint amach anseo, rud nach raibh i gceist againn nuair ar aontaigh Tithe an Oireachtais Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) sa bhliain 2021.
“Beidh díomá ar dhaoine, tar éis na blianta ag fanacht agus tar éis an 161 leathanaigh sa Phlean Náisiúnta seo a léamh, nach bhfuil mórán ann ó thaobh beartais de le cur i bhfeidhm anois, ach athrá ar dhualgais atá ann cheana féin agus moltaí féachaint ar bheartais fiúntacha sna pleananna eile atá fós le teacht.
“Níl tuilleadh moilleadóireacht ag teastáil. Tá an Coiste Comhairleach tar éis dhá bliana a chaitheamh ag féachaint ar na ceisteanna go léir anseo, agus tá an obair fiúntach a rinne siad le feiceáil sa taighde agus san tráchtas uatha san phlean seo. An rud atá ag teastáil anois ná gníomh.
“De réir an Plean Náisiúnta seo, beidh Plean Gníomhaíochta i bhfeidhm don tréimhse 2025-2027. Tá 2025 beagnach orainn cheana féin, agus toghcháin ar tí tarlú. Táim ag impí ar an Aire an Plean Gníomhaíochta a fhoilsiú anois.
“Mar Chathaoirleach ar an gCoiste Oireachtas Gaeilge táim arís tar éis cuireadh a thabhairt don Choiste Comhairleach chun an Plean agus an cur chuige amach romhainn a phlé chomh luath is féidir.”
October 14, 2024
Foilsigh an Plean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge gan tuilleadh moilleadóireacht – Aengus Ó Snodaigh TD