October 10, 2023
Figiúirí in easnamh agus an Ghaeltacht ar láir: Buiséad ‘frithGhaeltachta’ eile – Aengus Ó Snodaigh TD

Cháin urlabhraí Gaeilge, Gaeltachta, Ealaíon agus Cultúir Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, an neamhaird taispeánta arís don Ghaeltacht i mBuiséad na bliana seo, agus gan ach €4.2 milliún breise fógartha don éarnáil do 2024.

Dúirt Cathaoirleach ar Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobail Labhartha na Gaeilge:

“Anuraidh, bhí sé sách tubaisteach nach raibh ach €8.5 milliún breise curtha ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sa Bhuiséad. I mbliana is oth liom a rá go bhfuil sé níos measa fós.

“Níl ach €4.2 milliún breise molta don éarnáil ina iomlán ar fad do 2024. San áireamh ansin, níl ach €500,000 breise caipitil.

“Tá mé buartha go bhfuil sé ráite sa bhuiséad seo gur mian leo maoiniú a “choimeád” do Údarás na Gaeltachta, do scéimeanna tacaíochta Gaeltachta, agus don phleanáil teanga. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil sé i gceist ag an Rialtas ardú ar bith a thabhairt do na rudaí ríthabhachtacha sin, sé sin le rá don Ghaeltacht.

“An t-aon maoiniú “breise” luaite ná i gcomhthéacs Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, agus níl sé raite acu cé mhéad breise ach oiread.

“Tá tagairt ann do mhaoiniú don Fhoras Teanga, sé sin Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise, a “fheabhsú”, arís gan figiúir ar bith.

“Tá cuma ar an scéal nach bhfuil na pinginí breise don Ghaeilge ach ag dul lasmuigh den Ghaeltacht, in ainneoin go bhfuil géarchéim sochtheangeolaíochta aitheanta agus líon na gcainteoir laethúil sa Ghaeilge tar éis titim anois don dara daonáireamh as a chéile.

“Cá bhfuil Scéim Labhairt na Gaeilge? Cá bhfuil an maoiniú caipitil a theastaíonn ó Údarás na Gaeltachta chun infheistíocht a mhealladh siar? Cá bhfuil an maoiniú breise don phleanáil teanga fud fad na Gaeltachta?

“Fáiltíonn Sinn Féin roimh an ardú molta do TG4, ach níl a fhios againn cé mhéad atá i gceist fós, agus tá an buiséad iomlán le haghaidh na meáin laghdaithe ag an Rialtas.

“Beidh le feiceáil an bhfuil dóthain maoiniú ann chun tacú le cur i bhfeidhm plean straitéiseach TG4.

“Pacáiste €34 milliún breise a bhí molta ag Sinn Féin don teanga sa Bhuiséad Malartach, lena n-áirítear €12 milliún breise don Ghaeltacht, €11 milliún breise don Ghaeilge sa chuid eile den tír, agus €10 milliún breise do TG4.

“Sin an cineál uaillmhian atá ag teastáil má táimid dáiríre faoi slánú na Gaeltachta agus cur chun cinn na Gaeilge.”

Follow us online

Latest Tweets

Transparency & accountability crucial to restore confidence at University of Limerick – @QuinlivanTD

Teachta Quinlivan's comments come following reports the Garda Economic Crime Bureau is examining issues relating to a controversial housing deal at UL.

It is essential that a State apology is now made to the families of the Stardust tragedy.

@MaryLouMcDonald has said that the apology must address the failures of governments, not just 43 years ago in the aftermath of this tragedy, but every day since then.

#JFT48

Following a meeting with the families of the Stardust tragedy this morning, @MaryLouMcDonald has said that "a full state apology to the families must be made now, and it must address the systematic failure over 43 years".

MORE: https://vote.sinnfein.ie/a-full-state-apology-to-stardust-families-must-address-systematic-failure-over-43-years-mary-lou-mcdonald/

ICOB in danger of being becoming another failed government business support scheme – @loreillysf

“It's essential that the May 1st deadline for registrations is extended, and that government & local authorities engage with SME's to encourage take-up."

Load More