Chuir urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh TD, fáilte roimh nod ón Aire Stáit Gaeltachta Jack Chambers, go bhfuil Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 le teacht ar ais os comhair na Dála do Chéim na Tuarascála sula dtéann an Dáil ar sos don samhraidh.
Cé nár fógraíodh dáta nó am don díospóireacht go fóill, tá curtha in iúil dúinn go bhfuil sé ar intinn ag an Aire Stáit don Ghaeltacht plé a thosú athuair sa seachtain deiridh den seisiúin Dála seo, seachtain an 12ú Iúil.
Dúirt an Teachta Ó Snodaigh, atá mar Chathaoirleach ar Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobail Labhartha na Gaeilge:
“Táimid sásta a chloisteáil go mbeidh deis againn ár leasuithe a phlé sa Dáil go luath, agus feabhas a chur ar an reachtaíocht teanga mar is gá.
“B’ait dúinn áfach gur fógraíodh an dul chun cinn seo in ainneoin go raibh sé geallta ag an Aire go dtiocfadh sé i dteagmháil leis na Teachtaí Dála chun moltaí ó Chéim an Choiste a phlé sula gcuirfeadh sé a chinn féin chun cinn – níor thárla sé sin, agus níl a fhios againn fós cad atá sé ag iarraidh a athrú.
“Impím ar an Aire a chuid leasuithe féin a scaipeadh go luath ionas gur féidir linn obair astu sin, agus molaim dó arís gníomh de réir a bhriathar agus dréacht de na Caighdeáin Teanga atá molta sa Bhille a eisiúint agus a chur ar fáil dúinn sula dtagann an Bille os comhair na Dála arís, toisc nach bhfuil sé soiléir go fóill cad ar atá muid ceaptha vóta a chaitheamh agus dlí a dhéanamh de.
“Tá súil agam freisin go bhfuil sé i gceist ag an Aire deileáil i gceart leis an Bhille rí-thábhachtach seo, agus nach ndéanfaidh sé dícheannú (guillotine) ar an bplé chun muid a bhrostú agus neamhaird a dhéanamh ar moltaí an fhreasúra athuair.
“Beidh brú ollmhór ar Theachtaí ar an gcóras leasuithe a ullmhú in am, choncathas cad a tharla roimh Nollaig nuair a bhí moill ar an plé ag Staid Choiste, agus b’shin ceann de na fáthanna gur chuireas an 223 leasú uaim chun cinn roimh aon spriocdáta bheith fógraithe.
“Tá Bille i bhfad Éireann níos láidre ag teastáil chun cearta teanga a chosaint agus an Ghaeltacht a shlánú ón ghéarchéim sochtheangeolaíoch.”