April 25, 2020
Fáilte curtha roimh thar-rolladh scéim Sparántachtaí Gaeltachta Líófa go 2021 – Ó Donnghaile

Tá fáilte curtha ag an Seanadóir Niall Ó Donnghaile roimh fhógra ón Aire Deirdre Hargey go mbeidh deis ag achan duine a fuair Sparántacht Gaeltachta ó Líofa le haghaidh na bliana 2020 freastal ar na coláistí samhraidh an bhliain seo chugainn.

Leanann cinneadh an Aire cinneadh na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, cúrsaí Gaeltachta an tsamhraidh seo linn a chur ar ceal de bharr na géarchéime sláinte Covid-19.

Dúirt an Seanadóir Ó Donnghaile;

“Is maith an cinneadh a rinne an tAire Hargey inniu lena dtugtar faoiseamh áirithe do thuismitheoirí agus daltaí ar dhóigh leo go gcaillfidís amach ar chúrsa na bliana seo agus na bliana seo chugainn fosta.

“Beidh deis ag achan duine ar éirigh leo i mbliana, freastal ar chúrsa an bhliain seo chugainn. Faigheann an iliomad daltaí taithí sóisialta, cultúir agus oideachais agus tá cinntiú i gcinneadh an Aire Hargey inniu go mbeidh an taithí dearfach céanna ag ógánaigh an bhliain seo chugainn.

“De réir chinneadh an Aire fanfaidh na hiarlaisí i seilbh na gColáistí féin rud a chuideoidh leo i leith costaisí reatha le linn na tréimhse deacra seo againn.

”Leanfaidh Sinn Féin orainn ag cur brú ar an Aire Kyne, go n-eiseoidh sé amlíne maidir le pacáistí tacaíochta do na Coláistí is na Mná Tí.” 

Follow us online

Latest Tweets

The Defence Forces; the Naval services & Army Ranger Wing deserve every bit of praise they have received since the operation off our coast yesterday.
The successful operation again demonstrates the benefits of and need to invest in naval capacity and wider Defence Force.

Government to hike petrol and diesel TWICE next month! In most counties driving a car is not a luxury, it is essential to get to work or drop kids to school

All Fianna Fáil & Fine Gael are doing is making peoples lives more difficult. It's time for change! – @MattCarthy

.@Padraig_Delargy and @Farrell_Mairead met and listened to the voices of students today at the Queens University Freshers' Fair.

Sinn Féin will continue to have the backs of students, and work to ensure that there is affordable accommodation for students right across Ireland.

📻 Sinn Féin spokesperson on Disability and Carers @PaulineTullyTD will be live on @LatedebateRTE tonight, from 10:00pm.

Listen here: http://rte.ie/radio1

Load More