December 16, 2022
‘Fáilte ach imní freisin’ faoi na toghcháin nua molta do Bhord Údarás na Gaeltachta – Aengus Ó Snodaigh TD

Chuir Urlabhraí Gaeilge, Gaeltachta, Ealaíon agus Cultúir Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh TD, fáilte roimh fhógra an rialtais go bhfuil sé i gceist acu faoi dheireadh thoghcháin a thabhairt ar ais do bhord Údarás na Gaeltachta, mar a bhí á lorg ag Sinn Féin, ach léirigh sé imní faoin gcóras molta ag an Aire Martin agus an Aire Stáit Chambers.

Dúirt an Teachta Ó Snodaigh, atá ina Chathaoirleach ar Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobail Labhartha na Gaeilge a dhéanfaidh scrúdú ar mholadh an rialtais:

“Faoi dheireadh, ghéill an rialtas don bhrú ollmhór ó Shinn Féin agus ó phobal na Gaeltachta agus an cinneadh glactha acu toghcháin a thabhairt ar ais don Údarás.

“Tar éis na blianta den mhoilleadóireacht ó glacadh an cinneadh scannalach ar an gcéad dul síos fáil réidh leis na toghcháin don Údarás, tá an rialtas faoi dheireadh tar éis cloí leis an méid a gheall Mícheál Martin i 2020, rud a bhí á lorg ag Sinn Féin leis na blianta.

“Is léir nach raibh gá leis na hathbhreithnithe agus an comhairliúchán ar fad – tuigeadh ó thús gur gá na toghcháin a thabhairt ar ais.

“Tréaslaíonn muid gur tugadh éisteacht dúinn maidir le caighdeán B2 a chinntiú i gcás aon chomhalta don bhord, agus ba chóir go mbainfeadh coinníoll mar sin le haon róil nó boird stáit atá feidhm suntasach acu i dtaobh na Gaeilge de.

“É sin ráite, tá imní orainn faoin struchtúr nua atá curtha chun cinn ag an rialtas.

“Daonláthas iomlán a chóir a bheith i gceist le hÚdarás na Gaeltachta.

“Ní le hAire ar leith an tÚdarás. Is leis an phobal an tÚdarás.

“Cén fáth mar sin atá 6 as an 16 comhalta le bheith roghnaithe gan toghchán? Ní ghlacfar len a leithéid ar chomhairle contae nó cathrach, go gcuirfear roghnúcháin neamhtofa ar chomhchéim le ionadaithe an phobail. Séard a bhí i gceist leis an Údarás ó tharla Gluaiseacht Ceartha Shibhialta na Gaeltachta ná go mbeadh guth láidir ag an phobal san fhorbairt áitiúil, ní ag feidhmeannaigh roghnaithe ag an státsheirbhís. Níor tugadh aon míniú i bhfógra na hAirí don moladh frithdhaonlathach seo ach an oiread.

“Ba chóir go mbeadh gach comhalta de Bhord Údarás na Gaeltachta tofa.

“B’fhéidir an rud is measa faoin bhfógra seo ná go bhfuil maolú eile á gcur ag na hAirí Gaeltachta ar na thoghcháin a thabhairt ar ais. Cén fáth 2025? Tá pobal na Gaeltachta ag fanacht anois ó 2012.

“Ba chóir go mbeadh na toghcháin ag tarlú ag an am céanna leis na toghcháin áitiúla agus Eorpacha i 2024, agus gach cúig bliain leis na toghcháin sin as sin amach.

“Tar éis an comhairliúchán agus athbhreithniú go léir, níor tugadh moladh ar bith maidir le conas cothromaíocht inscne a chur chun cinn, rud atá tubaisteach ó thaobh an dá Aire de.

“Ar ndóigh, tabharfaidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobail Labhartha na Gaeilge faoin dúshlán le linn an grinnscrúdú féachaint ar conas an cothromaíocht inscne a chinntiú agus conas dul i ngleic leis na fadhbanna eile atá sonraithe in Údarás na Gaeltachta agus sa Ghaeltacht leis na blianta anuas chun a chinntiú gur eagras pobalbhunaithe a bheidh ann a thabharfaidh guth láidir agus cosaint don Ghaeltacht sna blianta romhainn.”

Follow us online

Latest Tweets

Making childcare affordable for parents and supporting providers is a priority for me in the Executive.

I was delighted to visit the amazing team at Rainbow Child and Family Centre in Derry with Sandra Duffy to meet the wonderful staff and young people.

In the past few weeks,

Labour Party turns its back on delivering for Dublin – @DaithiDoolan

"The people of Dublin will be dismayed to learn that the Labour Party has turned its back on forming a progressive alliance that would deliver for this city."

Load More