June 29, 2020
Ciall ar bith leis an gcinneadh cúram na n-oileán a scaradh ón nGaeltacht – Mairéad Farrell TD

Tá ráite ag an Teachta Dála de chuid Shinn Féin do Ghaillimh Thiar/Maigh Eo Theas Mairéad Farrell go bhfuil fadhbanna aici leis an gcaoi a caitheadh leis an nGaeltacht agus na hoileáin le linn don chomhrialtas nua bheith ag dáileadh aireachtaí. 

Guíonn sí gach rath ar Catherine Martin atá ceaptha mar Aire Cultúir, Ealaíon, Meán, Turasóireachta, Spóirt agus Gaeltachta ach creideann sí nach bhfuil “bealach ar bith go bhféadfadh Aire a bhfuil an líon sin freagrachtaí air nó uirthi freastal mar is cóir ar cheisteanna na Gaeltachta.”

Dúirt an Teachta Farrell:

“Níl aon amhras ach gur duine cumasach dícheallach Catherine Martin agus is léir go bhfuil suim aici i gcúrsaí Gaeilge is Gaeltachta. Guím chuile rath uirthi sa ról nua seo agus táim ag súil le bheith ag obair léi mar Aire Gaeltachta ós i mo dháilcheantar féin, Gaillimh Thiar/Maigh Eo Theas atá an Ghaeltacht is mó sa tír.

“Tá roinnt fadhbanna agam, mar sin féin, leis an gcaoi a caitheadh leis an nGaeltacht agus na hoileáin le linn don chomhrialtas nua bheith ag dáileadh aireachtaí.

“Ar an gcéad dul síos níl aon chiall leis an gcinneadh cúram na n-oileán a scaradh ó chúram na Gaeltachta, go háirithe nuair atá formhór na n-oileán sa nGaeltacht. Bheadh faitíos orm go ndéanfaí dearmad ar na hoileáin leis an socrú seo.

“Tá mé ag cheapadh freisin gur droch-chomhartha atá ann go bhfuil ‘Gaeltacht’ i ndeireadh theideal fada na Roinne a bhéas ag Catherine Martin. Shílfeá gur greamaíodh isteach an Ghealtacht leis an roinn sin i ndiaidh dóibh na nithe ‘tábhachtacha’ eile a réiteach.

“Ar an bhfaitíos is mó atá agam, tá an méid cúraimí a bhéas ar an Aire agus ar an Roinn nua seo a bheidh ag plé le cúrsaí Cultúir, Ealaíon, Meán, Turasóireachta, Spóirt agus Gaeltachta. Ní dóigh liom go bhfuil bealach ar bith go bhféadfadh Aire a bhfuil an líon sin freagrachtaí air nó uirthi freastal mar is cóir ar cheisteanna na Gaeltachta. Tá géarchéim sa nGaeltacht maidir le cúrsaí pleanála, teangan, infreastruchtúir agus fostaíochta. Cén chaoi a bhféadfadh duine ar bith sa Roinn nua seo, cuma cé chomh cumasach is a bheidís, dul i ngreim leis seo ar fad agus cur ina luí ar an rialtas gníomh a dhéanamh, nuair atá an oiread eile ar a bpláta acu?

“Tá ábhar imní níos leithne anseo maidir leis an iarthar agus ceantracha tuaithe iarghúlta. Níl fiú is Aire Sinsearach amháin ceaptha ag an gcomhrialtas nua ar an taobh thiar den Sionainn ó dheisceart chondae an Chláir go cionn Mhálanna i dtuaisceart Dhún na nGall. Chuir sé sin déistin ar mhuintir an iarthair ach ba chruthú a bhí ann den imní a bhí orthu cheana gur beag an suim atá ag na páirtithe seo san iarthar.”

Follow us online

Latest Tweets

Simon Harris’ planned petrol & diesel price hikes are targeting ordinary workers and families who have to use their cars to go to work and bring their kids to school, while they're already struggling.

Sinn Féin will bring a plan to the Dáil today to scrap these planned hikes.

I want to offer my full support to councillor Lilian Seenoi-Barr.

There can be absolutely no place in our society for this abhorrent racist and misogynistic abuse.

Those responsible do not speak for the wonderful and welcoming people of Derry and Strabane, and the work being…

The European elections are an opportunity to create meaningful change in Europe and make real improvements in the everyday lives of workers, families and communities.

Vótáil Sinn Féin on 7th June and let’s get the job done🗳️ #EU2024

Sinn Féin is working to ban fracking & all forms of fossil fuel exploration.

Economy Minister @conormurphysf has refused to grant any new licensing, & is preparing legislation to ban fracking & exploration.

We will work with everyone to protect communities & the environment.

Load More