September 27, 2024
Buiséad is uaillmhianaí riamh don teanga: €63.2 milliúin molta ag Sinn Féin – Aengus Ó Snodaigh TD

Sheol urlabhraí Airgeadais Shinn Féin Pearse Doherty TD agus urlabhraí Caiteachais Phoiblí Shinn Féin Rose Conway-Walsh TD buiséad malartach Shinn Féin don bhliain 2025, “Todhchaí Níos Fearr a Thógáil”, ag cur béim ar thacú le oibrithe, teaghlaigh agus pobail, pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta san áireamh.

Mar chuid den bhuiséad malartach seo, tá €63.2 milliúin breise beartaithe ag Sinn Féin le caitheamh ar an mbuiséad ‘is uaillmhianaí riamh don teanga’ dar le hurlabhraí Gaeilge, Gaeltachta, Ealaíon, Cultúir, Turasóireachta agus Meán Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh TD, agus san áireamh bheadh €19 milliúin breise le caitheamh ar an nGaeltacht amháin, €20 milliúin breise don Ghaeilge sa chóras oideachais agus €24 milliúin i dtreo cur chun cinn na Gaeilge fud fad na tíre.

Mhínigh an Teachta Ó Snodaigh cad a bheadh i gceist:

“Léiríonn uaillmhian an bhuiséad malartach seo an difear a dhéanfadh Rialtas Shinn Féin do chás na teanga.

“Aithníonn Sinn Féin géarchéim teangeolaíoch na Gaeltachta, agus sin an fáth go bhfuilimid ag moladh €19 milliúin breise i 2025 do bheartais dírithe ar na ceantair sin.

“Bheadh méadú €14.3 milliúin do Údarás na Gaeltachta ann féin, lena n-áirítear €10 milliúin breise caipitil chun díriú go háirithe ar cheist na tithíochta sa Ghaeltacht chomh maith le ceisteanna bonneagair atá ag cur isteach ar dhaoine ag iarraidh tithe a thógáil. Bheadh €4.3 milliúin breise reatha acu freisin chun tacú leis an gcóras pleanála teanga sa Ghaeltacht, agus scéimeanna a chur ar bhun chun tacú le Gaeilgeoirí tithe a cheannach nó a fháil ar cíos sa Ghaeltacht. Tá pacáiste tarrthála de os cionn €2.9 milliún beartaithe againn freisin do thionscal na gColáistí Samhraidh Gaeltachta agus mná tí.

“Gan ach teaghlach amháin as gach cúig anois ag tógáil a gclainne trí Ghaeilge sa Ghaeltacht, teastaíonn gníomh uaillmhianach chun níos mó teaghlaigh a spreagadh i dtreo na Gaeilge. D’athbhunódh Aire Gaeltachta Shinn Féin Scéim Labhairt na Gaeilge ar ráta €500 in aghaidh an pháiste (aois a 3 go 18) in aghaidh na bliana do páistí á dtógáil trí Ghaeilge sa Ghaeltacht, ar chostas €2.1 milliúin. Freisin, anuas ar an bpolasaí fógrartha le déanaí ag Sinn Féin chun cúram leanaí a chur ar fáil ag €10 an pháiste in aghaidh an lae, táimid ag moladh €1.6 milliúin ar leith chun costais a ísliú sa bhreis ar sin don oideachas luathbhlianta lánGhaeilge do theaghlaigh Gaeltachta.

“Tagann sé seo le cur chuige nua don oideachas lánGhaeilge fud fad na tíre, mar chuid de phacáiste €19.8 milliúin trasna gach leibhéal ó na luathbhlianta go dtí an tríú leibhéal agus oideachas aosta. Táimid ag moladh Ciste Infheistíochta do Naíonraí, ar luach €1.9 milliúin, chun tacú leo siúd atá ag feidhmiú trí Ghaeilge cheana féin agus soláthraí Béarla a mhealladh i dtreo seirbhís trí Ghaeilge a sheachadadh.

“Sa €7.1 milliúin reatha molta againn faoin mbuiséad oideachais don earnáil lánGhaeilge, taimid tiomanta Liúntais na Múinteoirí Gaeltachta agus Gaelscolaíochta a thabhairt ar ais, seachtain breise tumoideachais a chinntiú do ábhair oidí sa Ghaeltacht, agus méadú 20% ar bhuiséad an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) chun áiseanna cuí a chur ar fáil don earnáil. Tá €2.8 milliúin molta againn anuas ar sin chun an infheistíocht sa Ghaeloideachas tríú-leibhéal a dhúbailt.

“Chuirfeadh muid ranganna Gaeilge saor in aisce ar fáil fud fad an stáit, agus bhunódh muid Ciste Caipitil ar leith don Ghaeilge, mar atá ann don Spóirt cheana féin, chun ionaid Gaeilge nó Cultúrlann a bhunú i ngach contae go fad-théarmach, ag tosú le €5 milliúin i 2025.

“Teastaíonn breis infheistíochta go práinneach ó Foras na Gaeilge, agus mar sin táimid ag moladh €5 milliúin breise do 2025, chun tacú le leathnú Scéim Forbartha na Líonraí Gaeilge, leis hobair na gceanneagraíochtaí, agus leis an bpleanáil teanga lasmuigh den Ghaeltacht, agus chun arduithe suntasacha a sheachadadh do Clár na Leabhar Gaeilge (€1 milliúin) agus don iriseoireacht trí Ghaeilge (€500,000). Tá Sinn Féin tiomanta moltaí an Chomhchoiste Oireachtais ar earnáil na leabhar Gaeilge a chur i bhfeidhm freisin, ina measc leabhar saor in aisce do gach leanbh uair amháin sa bhunscoil, agus arís agus iad sa mheánscoil, ag tosú le €1.4 milliúin i 2025.

“Maidir leis na meáin Gaeilge, tá Sinn Féin ag moladh €12.4 milliúin mar mhéadú ar bhuiséad TG4 i mbliana, chun tacú le léiriúcháin i nGaeilge agus cláracha oideachasúil taitneamhach faoi Cúla4, fad is atáimid fós ag fanacht ar phlean ó Choimisiún na Meán maidir lena seirbhís nuachta. Bheadh dualgas ar Choimisiún na Meán freisin stáisiún raidió náisiúnta don óige trí Ghaeilge a chur ar bun leis an €183.1 milliúin atá beartaithe do chiste meán nua le teacht in ait an cheadúnas teilifíse faoi Rialtas Shinn Féin.

“Cabhróidh aonad nua Teangeolaíoch agus Cultúir sa Phríomh-Oifig Staidrimh, ar chostas €300,000, le hanailís taighdebhunaithe rialta a chruthú a ligfidh don Rialtas polasaithe a fheabhsú go leanúnach don teanga agus don Ghaeltacht.”

Follow us online

Latest Tweets

Proud to stand with the largest team of Sinn Féin TDs in over 100 years.

We are more determined than ever to deliver real change for workers, families, and communities across the island.

We’re back in Leinster House today with the largest team of Sinn Féin TDs in over 100 years.

A team of 39 TDs with the energy, determination, and commitment to deliver for working people. We want to thank the hundreds of thousands of people who voted for Sinn Féin and for real…

This is the biggest group of Sinn Féin TDs to enter Leinster House in over a century

We are here to work for you, we are in your corner and we will never ever give up on our mission to create an equal, a fair and a united Ireland

The work of winning a better future for all continues right now – @MaryLouMcDonald

"We are in the corner of ordinary people. We have your back, and we are not giving up."

Load More

Statements