Tá Bille Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2018 molta ag Teachtaí Dála Shinn Féin ag teacht ós comhair na Dála don dara chéim inniu agus é i gceist acu na toghchán a bhí ann do Bhord an Údaráis a thabhairt ar ais.
Dúirt urlabhraí Gaeilge, Gaeltachta, Ealaíon agus Cultúir Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh TD:
“Tá Sinn Féin den tuairim nár chóir riamh fáil réidh leis an sainordú daonlathach a bhí ag Bórd Údarás na Ghaeltachta sular fuair rialtas Fine Gael réidh le Toghcháin an Údaráis i 2012.
“Leis an mBille seo tá sé i gceist againn go mbeidh na toghcháin arís amach anseo. Roimh olltoghchán 2020 gheall Fianna Fáil go dtabharfadh siad ar ais na toghcháin ach le breis is dhá bhliain tá Jack Chambers i gcumhacht mar Aire Stáit na Gaeltachta, agus dúirt sé ar dtús go raibh sé sásta le rudaí mar atá siad, agus na baill go léir roghnaithe ag an Aire.
“Is maith an rud go bhfuil an port athruithe ag an Aire Stáit Chambers ó shin, ach in ainneoin geallúintí agus geallúintí eile, níl aon dul chun cinn tarlaithe ach moilleadóireacht.
“Tá pobal na Gaeltachta braon de na hathbhreithnithe agus an comhairliúchán go léir ar an gceist seo – ba léir gur éagóir a bhí ann ó thús nuair a fuair an rialtas réidh leis na toghcháin, agus tá sé in am dúinn iad a thabhairt ar ais.
“Ba léir sa Cháinaisnéis is déanaí, nuair nach tugadh fiú milliúin amháin sa bhreis don Údarás, an dochar a bhaineann le guth láidir a bheith bainte ón eagras. Bunaíodh an tÚdarás mar thoradh ar Ghluaiseacht Cearta Shibhialta na Gaeltachta chun a chinntiú go mbeadh forbairt na Gaeltachta faoi stiúir pobal na Gaeltachta féin, seachas rogha an Aire.
“Tá sé ráite fiú ag iar-Chathaoirleach Údarás na Gaeltachta, Seán Ó Neachtáin, go bhfuil an neamhaird ag tarlú ó thaobh buiséad an Údaráis de, toisc nach bhfuil na hionadaithe tofa áitiúla ann le bheith glórach agus gníomhach ag lorg airgead dóibh.
“Rinne eagrais eile ar nós Bord an Taibhdhearc nó TG4 achainí láidir agus Buiséad 2023 á cur le chéile, ach cá raibh Bord an Údaráis?
“Laghdaíodh go suntasach buiséad an Údaráis nuair ar cuireadh na toghcháin ar scor, ach ag an am céanna chur an rialtas lena gcuid cúramaí ó thaobh pleanala teanga de. Sin mar a chaitheann rialtais Fhine Gael agus Fhianna Fáil leis an Údarás: Níos lú airgead chun níos mó oibre a dhéanamh.
“Tá deis ag an Aire agus Fianna Fáil a léiriú leis an mBille seo go bhfuil siad dáiríre faoina gcuid geallúintí. Tá súil againn go dtabharfaidh siad éisteacht dár mBille sa Dáil agus go n-oibreoidh siad linn sa Choiste chun struchtúr níos foirfe ná mar a bhí ann roimh 2012.”