June 11, 2021
98 Leasuithe curtha ag Sinn Féin ar an mBille Teanga agus tuilleadh le teacht – Aengus Ó Snodaigh TD

D’fhógair urlabhraí Gaeilge, Gaeltachta, Ealaíon agus Cultúir Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh TD, go raibh an chéad dornán dá leasaithe (98 leasú) curtha isteach go luath aige ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019, agus go raibh leasuithe eile fós le teacht chun an reachtaíocht teanga a láidriú go mór nuair a thagann sé ar ais os comhair na Dála ag Céim na Tuarascála.

In ainneoin nach bhfuil fógra tugtha go fóill ag Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers maidir le dáta faoina dtiocfaidh an Bille ar ais os comhair na Dála, agus dá réir nach féidir le hOifig na mBillí an spriocdháta roimh ar gá do  leasuithe bheith istigh a fhófrú, chinn an Teachta Ó Snodaigh an chéad dornán a chuir isteach luath chun cinntiú nach dtarlódh moill mar a tharla roimh Nollaig le Céim an Choiste.

Dúirt an Teachta Ó Snodaigh, atá mar Chathaoirleach ar Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobail Labhartha na Gaeilge:

“Gheall an tAire Stáit Chambers go mbeadh an Bille seo achtaithe roimh Nollaig 2020, ansin dúradh Cásc na bliana seo, ach tá seans anois ann nach mbeidh sé fiú rite roimh an tsamhraidh agus muid fós ag fanacht ar fógra agus leasaithe ón Aire.

“Níor tháinig sé i dteagmháil go fóill linn san fhreasúra maidir leis na leasuithe nua atá geallta aige mar fhreagra ar timpeall 40 de na moltaí a bpléadh sa Choiste. Táimid fós ag fanacht ar dhréacht-chaighdeáin teanga agus an anailís tionchair rialála a gheall sé dúinn freisin ionas gur féidir linn obair dá réir.

“Mar sin, táimid ag obair i bhfolús, ach táimid tar éis dul tríd an plé go léir a tharla ag Céim an Choiste athuair chun fáil amach cé acu de na leasuithe go léir ar chóir a chur arís, agus cé acu nárbh fiú.

“Sa scata leasuithe a cuiris isteach inné, is leasuithe iad den chuid is mó nach bhfuil ach mion-athraithe ag teastáil orthu ó Chéim an Choiste. Baineann na leasuithe seo le foclaíocht agus spriocanna earcaíochta a dhaingniú sa reachtaíocht – ar nós an sprioc go mbeadh Gaeilge ag 20% d’earcaithe nua ó 2025 ar aghaidh – chomh maith le hathraithe suntasacha maidir le húsáid na Gaeilge sna cúirteanna, ar foirmeacha, agus i gcumarsáid le chomhlachtaí poiblí, an ceart d’ainm agus do sheoladh a bheith aitheanta le síneadh fada, agus an bunsprioc go mbeadh seirbhísí stáit curtha ar fáil sa Ghaeltacht as Gaeilge, mar atá á lorg ag Oifigigh Pleanála Teanga na Gaeltachta.

“Tá a lán leasuithe eile ann a bhí dícheadaithe ag Céim an Choiste, agus d’éist muid go géar le moltaí na dTeachtaí eile chun ár gcuid leasuithe a fheabhsú, agus tá súil againn na leasuithe sin a athscríobh agus a sheiceáil le dréachtóirí sula gcuirfidh muid isteach arís iad.

“Thacaigh Teachtaí ó pháirtithe an rialtais len a lán d’ár gcuid moltaí ag Céim an Choiste, an tAire san áireamh, cé gur vótáil siad ina gcoinne, agus tá súil againn, tríd na leasuithe seo a fhoirfiú agus a chur isteach go luath, nach mbeidh aon leithscéal acu tuilleadh moilleadóireacht a dhéanamh nó seasamh i gcoinne cearta Gaeilgeoirí sa stát seo.”

Follow us online

Latest Tweets

Sinn Féin MP John Finucane has said the announcement of £36 million funding will help continue to develop local football.

@johnfinucane

https://vote.sinnfein.ie/funding-for-local-football-clubs-a-positive-step-finucane/

Fianna Fáil and Fine Gael have voted AGAINST Sinn Féin's plan to deliver Affordable Housing. ❌

These parties created the affordable housing crisis and they cannot fix it. We need a change of government and a change in housing policy.

On June 7th - Vótáil Sinn Féin! #LE24 #EE24

"It's the most damning critique of successive Government's failures in housing that I've ever read" – @EOBroin

Sinn Féin will fix the housing crisis with the biggest social & affordable building programme in the history of the State. Homes will be affordable for ordinary people

Load More