Assembly Election Manifesto 2022

Am don Athrú Cheart

Time for Real Change

MARY LOU McDONALD

A chara,

Tá Sinn Féin chun tosaigh ar lorg athraithe ar fud na hÉireann.  Táimid chun tosaigh chun tír níos láidre, níos fearr agus níos cothroime a thógáil.  Tá muid ag obair le hÉireann a aontú.

Tá glúin againn atá lán de thallann agus a bhfuil uaillmhian agus smaointe móra acu don tír.

Sa Deisceart, tá Sinn Féin i gceannas ar an fhreasúra agus táimid réidh le dul i gceannas ar an rialtas.  Táimid réidh leis an chineál athraithe a bhfuil daoine sa tóir go mór air a bhaint amach.

Sa Tuaisceart, is deis iontach é toghchán an Tionóil ar an 5 Bealtaine chun dul i dtreo todhchaí níos fearr.  Ar an chéad lá i ndiaidh an toghcháin, beidh Sinn Féin réidh le filleadh ar an Fheidhmeannas agus ar an Tionól agus beart a dhéanamh de réir briathair ar son an phobail.

Beimid ann chun dul i ngleic leis an ghéarchéim chostais mhaireachtála agus airgead a chur ar ais i bpócaí oibrithe agus teaghlaigh, agus chun £1 billiún breise a chur ar fáil sna trí bliana atá romhainn chun liostaí feithimh a laghdú agus chun tacú leis an tseirbhís shláinte.

Bí mar chuid den athrú atá á threorú ag Sinn Féin ar fud an oileáin seo.  Tá sé in am don athrú cheart.

Is mise le meas,

Mary Lou McDonald TD

Uachtarán Shinn Féin

RÉAMHRÁ Ó MICHELLE O’NEILL

A chara,

Is é an tosaíocht atá ag Sinn Féin go n-éireoidh leis an pholaitíocht, agus lena léiriú gur féidir athrú ceart a chur i bhfeidhm.

Is ionann é seo agus ár seirbhís shláinte a neartú, oideachas nua-aimseartha a chur ar fáil dár bpáistí, tithe ar chostais réasúnta a thógáil, ár bpobail a dhéanamh níos sábháilte, agus poist mhaithe a chruthú ionas go mbeidh saol ag an chéad ghlúin eile anseo.

Is ionann é agus tacaíocht a thabhairt d’oibrithe agus do theaghlaigh atá ag streachailt leis an ghéarchéim chostais mhaireachtála. 

Is iad na príomhthionscadail a bhfuil gealltanas tugtha ag an Fheidhmeannas chun iad a chur i gcrích, tá an leathnú ar Ollscoil Magee, bóithre an A5 agus A6 a thógáil, agus athfhorbairt a dhéanamh ar Pháirc Mhic Easmainn.

Ba mhaith le daoine go mbeimis ag obair le chéile chun tús áite a thabhairt do na ceisteanna seo agus d’éireodh le comhroinnt cumhachta dá mbeadh gach duine tiomanta di.

Agus rialtas maith, forásach ann is féidir beart a dhéanamh de réir briathar ar son an phobail. Is é sin atá á lorg ag Sinn Féin.

Díreach i ndiaidh an toghcháin, beidh Sinn Féin réidh agus sásta Feidhmeannas nua a bhunú chun déileáil leis na fadhbanna a bhíonn ag daoine ina saol laethúil.

Agus muid ag obair le chéile, is féidir linn athrú ceart a dhéanamh.

Oibreoidh mé gach lá ar theann mo dhíchill leis an athrú sin a chur i gcrích.

Oibreoidh Sinn Féin gan stad gach lá chun an t-athrú sin a chur i gcrích.

Geallaim sin duit.

Déardaoin 5 Bealtaine, bí mar chuid den athrú atá á threorú ag Sinn Féin ar fud an oileáin seo.

Is mise,
Michelle O’Neill 

Géarchéim Chostais Mhaireachtála

Tá costais mhaireachtála ag dul in airde agus ardú praghsanna breosla agus leictreachais ag cur brú ollmhór ar ghnáthdhaoine.

Is géarchéim í seo ar fud an domhain a bhfuil go leor daoine thíos leis ar fud an domhain. Mar sin féin, i ndiaidh deich mbliana de dhéine Thoraí, is lú atá oibrithe, teaghlaigh agus seirbhísí poiblí in ann déileáil le géarchéimeanna ar nós na paindéime COVID-19 agus an costas maireachtála atá ag ardú anois.

Is beag atá déanta ag Boris Johnson chun tacú le daoine tríd an ghéarchéim seo agus in ainneoin go bhfuil daoine go fóill ag streachailt, tá brabúis corparáidí móra agus cuideachtaí fuinnimh ag dul in airde i dtólamh.

Ní leor idirghabhálacha an fheidhmeannais amháin chun dul i ngleic leis na brúnna airgeadais tromchúiseacha atá ar dhaoine faoi láthair agus caithfidh Rialtas na Breataine beart a dhéanamh chun dul i ngleic leis an ghéarchéim seo.

Tá Sinn Féin ag éileamh ar Rialtas na Breataine cáin a bhaint ar ola téimh tí; cáin ar dhíosal agus ar pheitreal a laghdú; CBL ar bhillí fuinnimh le linn na géarchéime fuinnimh a ghearradh; athruithe ar lacáiste díosail dearg a aisiompú agus cáin a thabhairt isteach ar bhrabúis mhóra cuideachtaí fuinnimh – agus an t-airgead a úsáid chun tacú le hoibrithe agus le teaghlaigh.

Cé go bhfuil cumhachtaí fioscacha/airgeadais an-teoranta le cur i bhfeidhm mar fhreagra ar chostais mhaireachtála atá ag ardú, tá Sinn Féin san Fheidhmeannas tiomanta do thacaíocht a thabhairt d’oibrithe agus do theaghlaigh.

Mar fhreagra tosaigh ar chostais fuinnimh ag ardú, thug Aire Pobail Shinn Féin Deirdre Hargey íocaíocht fuinnimh £200 do bhreis is ceathrú milliún duine ar fud thuaisceart na hÉireann agus tugadh isteach reo ar chíosanna an Fheidhmeannais Tithíochta.

Ar an drochuair, mar thoradh ar an DUP ag imeacht ón Fheidhmeannas tá £334 milliún fós i gcistí neamh-leithdháilte a d’fhéadfadh a úsáid chun cuid den bhrú atá roimh oibrithe agus teaghlaigh a mhaolú.

I ndiaidh an toghcháin caithfidh muid filleadh ar an Fheidhmeannas láithreach chun a chinntiú go dtabharfar amach an maoiniú seo go gasta chun tacú le hoibrithe, teaghlaigh agus na daoine is mó atá i mbaol.

Bhainfeadh Sinn Féin úsáid as an maoiniú seo chun cuidiú láithreach le dul i ngleic leis an ghéarchéim chostais mhaireachtála trí na nithe seo a leanas a leithdháileadh:

• £230 do gach teaghlach sa tuaisceart ar chostas £177m

• £100 dóibh siúd ar shochair agus a fuair an Scéim Tacaíochta Íocaíochta Fuinnimh roimhe seo ar chostas £27m

• £9m sa bhreis ar an Scéim Tacaíochta Lánroghnach a ceapadh chun cúnamh airgeadais gasta agus gearrthéarmach a thabhairt i gcás géarchéime.

• £8m sa bhreis ar an Scéim Íocaíochta Breosla Éigeandála a thugann cúnamh airgeadais dóibh siúd is mó a mbeidh tionchar ag na harduithe ar phraghas breosla le déanaí orthu.

• £70m mar thacaíocht airgeadais eatramhach don Earnáil Agraibhia chun déileáil le costas méadaithe beathaithe, breosla agus leasacháin

• £33m chun síneadh míosa a chur leis an phacáiste faoisimh rátaí gnó reatha ionas go bhfaighidh gnólachtaí atá i dteideal mí amháin saoire rátaí dhá mhí, agus go bhfaighidh gnólachtaí atá i dteideal trí mhí saoire rátaí ceithre mhí.

• £6m chun táillí Translink ar iompar poiblí a choinneáil mar atá

Tá Sinn Féin ag iarraidh tacaíocht a thabhairt d’oibrithe agus do theaghlaigh a bheidh thíos le costais mhaireachtála atá ag dul in airde trí:

• Reachtaíocht a dhéanamh chun éidí scoile a dhéanamh inacmhainne – treoir reachtúil a thabhairt isteach a a thabharfaidh ar scoileanna próisis iomaíocha tairisceana a chur i bhfeidhm, deireadh a chur le húsáid míreanna brandáilte nach bhfuil gá leo, agus úsáid a bhaint as roghanna níos saoire ar an phríomhshráid.

• Reachtaíocht chun Deireadh a chur le hOcras Saoire trí cheangal a chur ar an Údarás Oideachais agus ar an Roinn Oideachais íocaíochtaí airgeadais a chur ar fáil in ionad Béilí Scoile Saor in Aisce le linn laethanta saoire scoile.

Ag obair le chéile san Fheidhmeannas

Tá Sinn Féin ag dul isteach sa toghchán seo le geallúint go dtosófar ar Fheidhmeannas a bhunú chomh luath agus a bhíonn an toghchán thart. Ní féidir aon mhoill a bheith ann agus a bheith anonn is anall faoi. Caithfidh Feidhmeannas nua a bhunú láithreach chun an infheistíocht sa tsláinte a sholáthar agus chun na bearta is gá a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic leis na costais mhaireachtála atá ag ardú.

Ba mhaith le Sinn Féin a bheith ag obair le daoine eile chun rialtas éifeachtach a chur le chéile, chun athrú forásach a dhéanamh agus chun seirbhísí poiblí maithe a sholáthar. Táimid tiomanta do chomhroinnt cumhachta agus d’institiúidí Chomhaontú Aoine an Chéasta lena n-áirítear na hinstitiúidí Thuaidh-Theas.

Go dtí le déanaí, léiríodh sa dá bhliain a chuaigh romhainn gur féidir leis na hinstitiúidí seo feidhmiú. Is féidir linn agus ní mór dúinn níos mó a dhéanamh, áfach.

Tá obair an Fheidhmeannais curtha amú ag an easpa cumhachtaí fioscacha. Tá sé in am anois cumhacht a thabhairt don Fheidhmeannas agus cumhachtaí méadaithe a dhéabhlóidiú chun gur féidir linn cinntí a dhéanamh ar na saincheisteanna a théann i bhfeidhm ar oibrithe agus ar theaghlaigh ar fud an Tuaiscirt.

Áirítear leis sin cumhachtaí maidir le cánachas forásach agus an chumhacht chun an t-íosphá a ardú. Ní féidir linn a bheith ag brath ar Rialtas na Breataine a chuirfidh a leasanna féin roimh ghnáth-oibrithe agus teaghlaigh i gcónaí.

Ní féidir ligean do rialtas Thoraithe na Breataine moill a chur ar an athrú atá ag teacht. Caithfidh sé a ghealltanais maidir le cearta Gaeilge agus seirbhísí sláinte atáirgthe do mhná a chomhlíonadh.

Oibreoidh Sinn Féin láithreach chun Feidhmeannas nua a bhunú agus chun:

• £1 billiún breise a chur isteach inár seirbhísí sláinte thar thréimhse trí bliana chun dul i ngleic le liostaí feithimh, tuilleadh foirne sláinte agus cúraim shóisialta a earcú agus claochlú a mhaoiniú.

• £330 milliún a leithdháileadh láithreach chun dul i ngleic le hidirghabhálacha costais mhaireachtála lena n-áirítear íocaíocht £230 ar gach teaghlach.

• Straitéis eacnamaíoch nua a chur i bhfeidhm chun tacú le gnó áitiúil, cothromaíocht réigiúnach a chur chun cinn agus poist ar ardchaighdeán a chruthú trí leanúint ar aghaidh ag forbairt an gheilleagair uile-Éireann agus uasmhéadú a dhéanamh ar na deiseanna ó rochtain ar mhargaí an AE agus na Breataine.

• Níos mó ná 100,000 teach a chur ar fáil thar na 15 bliana amach romhainn

• Acht Gaeilge agus cearta atáirgthe do mhná a chinntiú – tá sé i bhfad thar am an dá rud a sholáthar

• Oibriú le rialtas na hÉireann chun Tionól Saoránach uile-oileáin a bhunú chun plé a dhéanamh ar ár dtodhchaí bhunreachtúil

Sláinte

Tá sláinte mar thosaíocht ag Sinn Féin.

Is é sin an fáth a bhfuil Aire Airgeadais Shinn Féin Conor Murphy tiomanta do shláinte a dhéanamh mar phríomhthosaíocht caiteachais an Fheidhmeannais trí ardú £1 billiún a chur leis an bhuiséad sláinte thar trí bliana.

Táimid tiomanta d’infheistíocht a dhéanamh san fhórsa saothair sláinte, dul i ngleic le liostaí feithimh agus a chinntiú go bhféadfaidh daoine dochtúir teaghlaigh a fheiceáil nuair a bhíonn gá acu leis.

Mar thoradh ar dheich mbliana de chiorruithe na dTóraithe, níl ár gcóras sláinte agus cúraim shóisialta oiriúnach don fheidhm atá leis faoi láthair.

Le linn dhá bhliain de phaindéim dhomhanda lean ár n-oibrithe sláinte agus cúraim shóisialta ar aghaidh ag soláthar cúram túslíne dóibh siúd a bhí tinn agus ba mhó i mbaol. Meabhrúchán tábhachtach a bhí ann ar an méid a bhíonn muid ag brath ar na seirbhísí seo agus ar dhíograis agus ar thiomantas na foirne chun iad a chur ar fáil in amanna thar a bheith deacair nach bhfacthas riamh.

In ainneoin iarrachtaí tiomanta na n-oibrithe cúram sláinte agus sóisialta tá an córas sláinte faoi strus mór. Mar gheall ar ghanntanas foirne nach raibh a leithéid riamh ann níl lialanna GP, Rannóga Éigeandála, ospidéil agus seirbhísí eile ar nós cúram sa phobal in ann freastal ar riachtanais othar ar fud an tuaiscirt.

Tá barraíocht daoine ar liostaí fada feithimh – ag súil leis an chúram atá de dhíth orthu a fháil.

Tá bacainní ann fós ar rochtain ar sheirbhísí sláinte, go háirithe dóibh siúd ina gcónaí i bpobail bhochta agus i gceantair tuaithe.

Tá dúshláin mheabhairshláinte, mí-úsáid substaintí agus féinmharú ag dul i bhfeidhm ar ár bpobail go fóill.

Cuirtear leis na deacrachtaí maidir le dul i ngleic leis na fadhbanna seo mar gheall ar dhá sheirbhís shláinte a bheith ar an oileán, le dúbailt dramhaíola agus le forbairt cúl le cúl nach bhfuil aon chiall leis.

Is aitheantas é fás na seirbhísí comhroinnte go bhfuil ciall le cúram sláinte a oibriú ar bhonn uile-Éireann agus is cruthúnas beo ar an rath a bhí ar na seirbhísí comhroinnte seo go dtí seo mar Ionad Ailse an Iarthuaiscirt agus Líonra Galar Croí Comhbhreithe uile-oileáin. .

Ní mór dúinn infheistíocht a dhéanamh inár gcóras sláinte agus cúraim shóisialta agus uasmhéadú a dhéanamh ar acmhainneacht na seirbhísí uile-oileáin dá mba mhaith linn nach dtitfeadh sé as a chéile mar sheirbhís.

IS IAD TOSAÍOCHTAÍ SHINN FÉIN MAIDIR LE CÚRSAÍ SLÁINTE:

• An buiséad sláinte a mhéadú de £1 billiún faoi 2024/25 chun;

o Dul i ngleic le Liostaí Feithimh Ospidéil, ar nós infheistíocht a dhéanamh in ionaid chúraim roghnacha agus an córas maoinithe ar chúram sláinte agus sóisialta a athrú

o Níos mó altraí, dochtúirí agus oibrithe cúram sláinte agus sóisialta a earcú agus a choinneáil

o Pá agus coinníollacha cothroma a chinntiú d’oibrithe cúram sláinte agus sóisialta

o Feabhas a chur ar rochtain ar choinní DG agus ar phacáistí cúraim sa phobal

o Straitéis Meabhairshláinte lánmhaoinithe a sholáthar

• Na réimsí aonair comhoibrithe ar an oileán a leathnú i gceantair teorann agus i réimsí sainchleachtaidh leighis

• Oibriú chun aitheantas uile-Éireann do cháilíochtaí agus caighdeáin sláinte a chinntiú

Ag Pleanáil don Aontacht

Tá éileamh mór ar athrú ar fud na hÉireann. Ba mhaith le daoine Éire a fheiceáil ina bhfuil éagsúlacht, comhionannas agus ina dtugtar meas.

Is gá an t-athrú sin a phleanáil i gceart trí phlé, trí chomhrá agus trí chaibidlíocht a dhéanamh.

Caithfimid a bheith cinnte de nach dtarlaíonn tubáiste ar nós an Bhreatimeachta arís.

Beidh próiseas daonlathach de dhíth anseo ina mbeidh gach duine, thuaidh agus theas, rannpháirteach i bpleanáil agus ullmhúchán don athrú bunreachtúil.

Éascóidh sé seo aistriú síochánta, réidh chuig Éire nua aontaithe – Éire ar linn go léir í, lena n-áirítear ár gcomharsana aontachtacha agus Éire ina mbeidh muid in ann muid féin a rialú.

Is mar gheall ar chríochdheighilt na hÉireann ar coinníodh thíos muid le fada an lá. Tá fíordheis ann anois todhchaí níos rathúla a mhúnlú – chun tír níos láidre, níos fearr agus níos cothroime a bhaint amach.

Is féidir linn an deis seo a úsáid chun Seirbhís Shláinte Náisiúnta uile-Éireann a chruthú, beartas tithíochta inbhuanaithe, cúram leanaí uilíoch, agus aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de a chinntiú.

Tá próiseas daonlathach ar bun anois trí reifreann a bhfuil foráil dó i gComhaontú Aoine an Chéasta, chun deis a thabhairt do dhaoine cinneadh a dhéanamh faoin todhchaí.

Dhéanfaí freastal níos fearr ar dhaoine ar fud na hÉireann gan dúbailt ar chórais rialtais, le seirbhís shláinte náisiúnta, geilleagar, réimeas cánach, córas dlí, agus córas oideachais amháin ann.

Tá gealltanas tugtha ag ceannairí an Aontais Eorpaigh go mbeadh an Tuaisceart in ann ballraíocht iomlán a ghlacadh san AE mar chuid d’Éirinn Aontaithe.

Tá aontacht lárnach maidir le sochaí nua-aimseartha, chuimsitheach, chothrom a fhorbairt agus tír atá in ann a páirt iomlán a ghlacadh sa domhan a thógáil.

Anois an t-am le labhairt faoin todhchaí.

I MEASC NA dTOSAÍOCHTAÍ ATÁ AG SINN FÉIN, TÁ:

· Oibriú le go mbunóidh rialtas na hÉireann Tionól Saoránach uile-oileáin chun ár dtodhchaí bunreachtúil a phlé;

· Oibriú chun comhoibriú agus seachadadh Thuaidh-Theas na gcomhlachtaí uile-Éireann a fheabhsú.

· Dáta a chinntiú ó rialtais na hÉireann agus na Breataine don reifreann aontachta a bhfuil foráil dó i gComhaontú Aoine an Chéasta.

· Dul i ngleic le daoine ar thodhchaí na hÉireann ar bhealach cuimsitheach, measúil agus eolach

An Geilleagar

Tá Sinn Féin ag iarraidh geilleagar níos cuimsithí agus níos inbhuanaithe a thógáil do gach duine.

Tá geilleagar de dhíth a thacaíonn le gnó áitiúil, a chuireann cothromaíocht réigiúnach chun cinn agus a chruthaíonn poist ar ardchaighdeán trí leanúint ar aghaidh ag forbairt an gheilleagair uile-Éireann agus a uasmhéadaíonn na deiseanna ó rochtain ar mhargaí an AE agus na Breataine.

I ndiaidh níos mó ná deich mbliana den DUP i Roinn na hEacnamaíochta, tá an pá is ísle, an fás eacnamaíoch is ísle, an táirgiúlacht is ísle, agus an neamhghníomhaíocht eacnamaíoch is airde ar na hoileáin seo go fóill.

Chomh maith leis sin níl forbairt eacnamaíoch réigiúnach cothrom sa tuaisceart go fóill, gné a léiríonn cur chuige éagothrom cheannasaíocht na nAontacthaithe ó bhí an chríochdheighilte ann. Tá sé seo le brath go háirithe i gceantair taobh thiar den Bhanna.

Is gá tionscadail a chuireann cothromaíocht réigiúnach chun cinn, mar leathnú ar Ollscoil Magee go 10,000 mac léinn agus an A6, agus iad siúd a chumasaíonn forbairt an gheilleagair uile-oileáin, ar nós an A5, Droichead Chaol-Uisce agus Canáil Uladh, a chur i bhfeidhm.

Ó bhí cíor thuathail an Bhreatimeachta ann, d’oibrigh Sinn Féin chun an Prótacal a dhaingniú chun gnó agus poist a chosaint. Tuigeann muid na deiseanna ollmhóra atá ann dár ngnólachtaí áitiúla mar gheall ar an rochtain atá againn ar mhargaí an AE agus na Breataine araon agus tacóimid leo trádáil a dhéanamh leis na margaí sin.

Le bliain anuas tá méadú ollmhór feicthe againn ar thrádáil trasteorann agus uile-Éireann a théann chun sochair an tuaiscirt. Ní bheadh ​​sé seo indéanta murach an Prótacal.

Deis atá sa Phrótacal freisin chun Infheistíocht Dhíreach Eachtrach ardleibhéil a mhealladh; gnólachtaí áitiúla nua a fhorbairt – agus gnólachtaí atá ann cheana a leathnú – ag cruthú postanna ar ardchaighdeán agus ag nuachóiriú an gheilleagair.

Anois an t-am le haghaidh straitéis eacnamaíoch nua. Tá an tAthbhreithniú Neamhspleách ar Invest NI a fógraíodh le déanaí tráthúil freisin. Deis atá ann le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar thionscail uile-oileáin ar nós turasóireacht agus agraibhia, agus acmhainn níos fearr a aithint don gheilleagar uile-oileáin.

Ní mór straitéis eacnamaíoch nua don Tuaisceart a bheith mar chuid de straitéis níos leithne chun an geilleagar uile-oileáin a chomhtháthú agus a fhorbairt i ndiaidh an Bhreatimeachta. Áirítear leis seo obair ar fhorbairt uile-oileáin, infheistíocht agus straitéisí bonneagair.

Ba mhaith le Sinn Féin freisin deiseanna a chur chun cinn d’fhorbairt eacnamaíoch áitiúil lena n-áirítear tacú leis an ról is féidir le cultúr, ealaíona agus oidhreacht a imirt chun cuidiú le geilleagair áitiúla trí ghnólachtaí a mhealladh agus turasóireacht a spreagadh.

Tá samhail d’fhorbairt eacnamaíoch áitiúil de dhíth orainn a théann i ngleic le héagothroime agus bochtaineacht trí shaibhreas agus caiteachas poiblí a atreorú le leas na bpobal.

Tá Painéal Comhairleach um Fhorbairt Saibhreas Pobail ceaptha ag Aire Pobail Shinn Féin, Deirdre Hargey, chun deiseanna a aithint chun tógáil saibhris pobail a fhorbairt agus chun tacú leo.

I MEASC THOSAÍOCHTAÍ SHINN FÉIN DON GHEILLEAGAR TÁ:

• Straitéis Eacnamaíochta nua a sholáthar a uasmhéadaíonn rochtain déach ar mhargaí an AE agus na Breataine

• Fócas ar phoist mhaithe a chruthú; cothromaíocht réigiúnach a chur chun cinn; táirgiúlacht a fheabhsú agus dícharbónú a mhéadú i Straitéis Nua Eacnamaíoch

• I ndiaidh an t-athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh, a chinntiú go dtugann Invest NI tosaíocht do chothromaíocht réigiúnach agus tacaíocht d’fhorbairt gnó áitiúil

• Déabhlóidiú níos fearr ar chumhachtaí fioscacha a lorg chun an Tionól a chumasú níos fearr chun acmhainní a spriocdhíriú agus beartais chánachais fhorásacha a fhorbairt a fheabhsóidh seirbhísí poiblí agus a thacóidh níos fearr leis na daoine atá ina gcónaí anseo

• An earnáil turasóireachta uile-oileáin a chomhtháthú tuilleadh trí Shlí an Atlantaigh Fhiáin a leathnú; Oirthear Ársa na hÉireann; agus Croíthailte faoi Cheilt sa Tuaisceart

• Plean gníomhaíochta a fhorbairt mar fhreagra ar mholtaí ón Ghrúpa Comhairleach um Fhorbairt Saibhreas Pobail

Tithíocht

Tá plean tithíochta Shinn Féin ar an athrú is mó ar an chóras tithíochta le breis agus 50 bliain agus soláthróidh sé os cionn 100,000 teach thar na 15 bliana amach romhainn i bpobail uirbeacha agus tuaithe ar fud an tuaiscirt.

Tá daoine i dteideal tithe atá ar chaighdeán maith, atá sábháilte, slán, compordach agus inacmhainne.

Díreoimid ar na ceantair ina bhfuil an riachtanas tithíochta is mó chun go mbeidh deis ag daoine ar theip orthu leis an soláthar tithíochta le blianta fada maireachtáil ina gceantair féin

Tá Sinn Féin tiomanta freisin do líon na dtithe sóisialta i bpobail tuaithe a mhéadú. Caithfear aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann maidir le tithíocht tuaithe a sholáthar lena n-áirítear deacrachtaí maidir le riachtanas a léiriú agus an easpa bonneagair fuíolluisce agus séarachais.

Cosnóidh Sinn Féin cíosóirí príobháideacha freisin ar thithíocht ar dhroch-chaighdeán, ar thithíocht atá faoi bhun an chaighdeáin agus ar arduithe éagóracha cíosa.

Tá reachtaíocht tugtha isteach ag Aire Pobail Shinn Féin Deirdre Hargey chun cíosóirí príobháideacha a chosaint ar thréimhsí fógra díshealbhaithe éagóracha; an méid is féidir le tiarna talún a ghearradh ar éarlais a theorannú go dtí cíos míosa ar a mhéad; agus chun sábháilteacht na dtithe a fheabhsú.

Ba mhaith linn na feabhsuithe seo a fhorbairt le tuilleadh reachtaíochta chun cíosóirí príobháideacha a chosaint ar chíosanna éagóracha, caighdeáin tithíochta a fheabhsú agus deireadh a chur le táillí éagóracha ligin.

Caithfear dul i ngleic leis an easpa dídine freisin.

Beidh dianiarracht ar fud ranna agus earnálacha chun an easpa dídine a chosc agus aghaidh a thabhairt uirthi. Cé go bhfuil na réitigh níos leithne ná tithíocht amháin, is cuid ollmhór den réiteach é níos mó tithe a thógáil.

IS IAD TOSAÍOCHTAÍ SHINN FÉIN I gCÚRSAÍ TITHÍOCHTA NÁ:

• Níos mó ná 100,000 teach a chur ar fáil thar 15 bliana

• An Fheidhmeannacht Tithíochta a athbheochan le gur féidir leis tosú ag tógáil tithe arís

• A chinntiú go bhfanann cíosanna sóisialta cothrom agus na cíosanna sóisialta is ísle ar na hoileáin seo

• Reachtaíocht bhreise a thabhairt isteach a chosnaíonn cíosóirí príobháideacha trí chaighdeáin fheabhsaithe tithíochta

• Cosc ar tháillí éagóracha ligin

• Rialacháin a thabhairt isteach chun cíosanna cothroma a sholáthar lena n-áirítear cíosanna a laghdú nó a reo

Oideachas

Tá Sinn Féin ar lorg córas oideachais a dhéanann freastal ar gach duine agus nach bhfágann duine ar bith ar gcúl.

Ba mhaith linn deireadh a chur le cleachtas cruálach an roghnúcháin acadúil agus córas aistrithe scoile a thabhairt isteach bunaithe ar chomhionannas agus cothrom na Féinne do gach scoláire beag beann ar a gcúlra.

Tá méadú ag teacht ar éileamh na dtuismitheoirí ar Oideachas Comhtháite agus ar Ghaeloideachas agus cé go bhfuil córas againn a bhfuil na mílte áiteanna scoile ar fáil ann faoi láthair, níl go leor tuismitheoirí in ann áit a fháil sna hearnálacha seo dá bpáistí.

Ba cheart go mbeadh an deis acu siúd ar mhaith leo oideachas trí mheán na Gaeilge nó sa chóras Oideachais Imeasctha sin a dhéanamh.

Tá sé in am freisin an curaclam scoile a dhéanamh ábhartha do riachtanais ár ndaoine óga.

Ciallaíonn sé seo oideachas a nuachóiriú chun Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) a oireann d’aois a chuimsiú, fócas nua agus feasacht níos fearr a thabhairt isteach ar an éigeandáil maidir le hathrú aeráide agus bithéagsúlacht, infheistíocht a dhéanamh i scileanna digiteacha agus in ábhair STEM agus béim a leagan ar shláinte mhothúchánach agus folláine.

Agus muid ag teacht amach as an phaindéim, tá Sinn Féin ag iarraidh tacaíocht a thabhairt dár bpáistí agus dár ndaoine óga agus iad ar a mboinn arís i ndiaidh dhá bhliain an-chorraithe.

Ba mhaith linn seirbhís ghairmthreorach a fheiceáil ina ndéantar comhairle a chur in oiriúint do scileanna, buanna agus spéiseanna gach duine óig agus a chuireann in iúl dóibh na bealaí gairmoideachais agus acadúla araon chun ratha.

Ba mhaith le Sinn Féin rochtain ar bhreisoideachas agus ardoideachas a fheabhsú do gach duine óg lena n-áirítear iad siúd atá faoi mhíchumas; iad siúd ó theaghlaigh ar ioncam íseal; iad siúd a bhfuil freagrachtaí cúram leanaí orthu; agus iad siúd a bhfuil taithí cúraim acu, gan ach cúpla a ainmniú.

Táimid tiomanta don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus cur ar chumas daoine de gach aois rochtain a fháil ar dheiseanna scileanna, cibé acu is cúrsaí ollscoile nó breisoideachais, printíseachtaí nó oiliúnachtaí iad.

Oibreoidh Sinn Féin chun bacainní a bhaint agus chun gach deis oideachais ar fud na hÉireann a chur chun cinn mar an bealach is fearr chun rochtain ar oideachas tríú leibhéal a mhéadú agus chun tacú le forbairt eacnamaíoch.

IS IAD TOSAÍOCHTAÍ SHINN FÉIN I gCÚRSAÍ OIDEACHAIS NÁ:

  • Deireadh a chur leis an roghnúchán acadúil
  • Freagairt don éileamh ar an Ghaelscolaíocht agus ar an Oideachas Imeasctha araon
  • An curaclam a nuachóiriú agus foghlaim oiriúnach d’aois ar Athrú Aeráide, Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta, agus sláinte agus folláine mhothúchánach a chur san áireamh.
  • Rochtain ar iasachtaí táillí teagaisc iarchéime a leathnú dóibh siúd atá ag staidéar ó dheas ar bhonn comhchosúil leo siúd atá ag staidéar sa Bhreatain.
  • Deireadh a chur le bacainní ar rollú trasteorann agus deiseanna oideachais tríú leibhéal a chur chun cinn ar fud na hÉireann chun tacú le mic léinn cáiliú, maireachtáil agus oibriú anseo

 

Cearta Oibrithe

Le linn na paindéime, in ainneoin iarrachtaí ollmhóra na n-oibrithe, tá roinnt gníomhartha dothuigthe feicthe againn ag cuideachtaí móra i bhfoirm bearta ar nós ‘fire and rehire’ a bhfuil sé mar aidhm acu oibrithe a athfhostú ar chonarthaí níos measa ná mar a bhí siad i dteideal a fháil roimhe seo.

Ar cheann de na samplaí ba mheasa de dhúshaothrú oibrithe ba ea an cur chun bóthair tobann de 800 ball foirne – lena n-áirítear oibrithe ó thuaidh – le P&O gan aird ar bith ar a gcearta fostaíochta.

Tá Sinn Féin tiomanta do chearta oibrithe a neartú agus a chinntiú go bhfuil siad cosanta faoin dlí.

Ní mór dúinn freisin dul i ngleic le pá íseal agus poist neamhchinnte a chruthaíonn bochtaineacht i bpoist trí phá agus coinníollacha oibrithe a fheabhsú agus deireadh a chur leis na bacainní ar obair.

Tá an Fostóir Pá Maireachtála déanta ag Aire Airgeadais Shinn Féin, Conor Murphy, den Fheidhmeannas agus tá íocaíocht an Phá Beo ina riachtanas d’aon chomhlacht a fhaigheann conradh rialtais.

Tá reachtaíocht á cur chun cinn ag Sinn Féin chun Conarthaí Uaire Nialais a thoirmeasc agus leanfaimid ar aghaidh leis seo sa chéad mhandáid eile.

Ba mhaith linn freisin reachtaíocht a dhéanamh a thabharfaidh isteach saoire le pá do chúramóirí; rochtain ar obair sholúbtha a fheabhsú; agus ballraíocht ceardchumainn a dhéanamh inrochtana do níos mó oibrithe.

Tá easpa cúram leanaí inacmhainne ina bhac freisin ar fhostaíocht a fháil.

Thug Aire Shinn Féin, Deirdre Hargey, réamhchostais chúram leanaí isteach don chéad mhí do thuismitheoirí ar ioncam íseal atá ag dul i mbun fostaíochta. Is idirghabháil thábhachtach í seo chun tacú le daoine filleadh ar obair ach tá sé ríthábhachtach straitéis cúram leanaí ó thuaidh a sholáthar chun riachtanais tuismitheoirí a thuiscint agus chun a chinntiú go bhfuil earnáil inbhuanaithe cúram leanaí againn a sholáthraíonn ardchaighdeán cúraim leanaí amach anseo.

IS IAD TOSAÍOCHTAÍ SHINN FÉIN MAIDIR LE CEARTA OIBRITHE NÁ:

• Críoch a chur le Conarthaí Nial-Uaire

• Cumhachtaí a dhéabhlóidiú chun íosphá a shocrú agus an Fíor Pá Maireachtála a chur ina ionad

• Deireadh a chur leis na srianta ar aitheantas ceardchumann in ionaid oibre le 20 oibrí nó níos lú

• Reachtaíocht a fhorbairt chun saoire le pá a thabhairt isteach do chúramóirí

• Straitéis cúram leanaí a sholáthar chun tacú le cúram leanaí inacmhainne ar ardchaighdeán

• Reachtaíocht a dhéanamh chun rochtain ar oibriú solúbtha agus an ceart chun dínascadh a fheabhsú

• Reachtaíocht a dhéanamh chun deireadh a chur le bearta ‘fire and rehire’.

• Poist ar ardchaighdeán a chruthú

Pobail Tuaithe

Tá pobail tuaithe ríthábhachtach do chreatlach chultúrtha agus shóisialta na hÉireann agus ba mhaith linn go n-éireoidh leo agus a bheith mar áiteanna inar mian le daoine cónaí agus oibriú iontu, gnó a dhéanamh iontu agus cuairt a thabhairt orthu.

Tá dáimh iontach pobail i gceantair thuaithe, rud a léiríodh go soiléir le linn na paindéime nuair a tháinig grúpaí áitiúla spóirt agus pobail, ar nós CLG, le chéile chun béilí agus soláthairtí a dháileadh chun tacú leo siúd arbh éigean dóibh aonrú.

Mar sin féin, is dúshláin iad easpa rochtana ar sheirbhísí, ar áiseanna agus ar fhostaíocht atá roimh go leor pobal tuaithe, mar atá fadhbanna leis an chóras pleanála tuaithe.

Tá sé mar thosaíocht ag Sinn Féin feabhas a chur ar rochtain i gceantair thuaithe ar sheirbhísí poiblí, ar thithíocht, ar leathanbhanda ardluais, agus ar bhonneagar maith, agus ar thacú le geilleagair na tuaithe.

Thug Aire Airgeadais Shinn Féin Conor Murphy faoiseamh rátaí isteach do ATManna tuaithe ag aithint na bhfadhbanna a bhaineann le rochtain ar airgead tirim i gceantair thuaithe mar gheall ATManna a bheith dúnta.

D’oibrigh Aire Pobail Shinn Féin Deirdre Hargey leis na hAirí Gnóthaí Tuaithe agus Bonneagair chun tacaíocht a sholáthar do lonnaíochtaí beaga chun cuidiú le dul i ngleic le saincheisteanna seanbhunaithe ar nós bochtaineacht agus leithlisiú tuaithe, agus chun rochtain ar sheirbhísí i mbailte agus sráidbhailte tuaithe a fheabhsú.

Caithfidh muid nascacht a fheabhsú do phobail tuaithe agus dul i ngleic le leithlisiú tuaithe chun rochtain níos fearr ar sheirbhísí agus ar dheiseanna a chinntiú. Áirítear leis seo infheistíocht a dhéanamh i mbóithre tuaithe chun dul i ngleic leis an mheath ar ár ngréasán bóithre áitiúla, agus sábháilteacht bóithre a fheabhsú.

Tá deiseanna iontacha ag baint le turasóireacht tuaithe agus fáilteachas chun geilleagair tuaithe a fhorbairt. Is mian linn na bealaí turasóireachta atá aitheanta go hidirnáisiúnta, Slí an Atlantaigh Fhiáin, a leathnú; Oirthear Ársa na hÉireann, agus Croíthailte faoi Cheilt sa Tuaisceart a fhorbairt.

Is foinse mhór rathúnas eacnamaíoch dár bpobail tuaithe agus don gheilleagar níos leithne iad feirmeacha teaghlaigh agus an earnáil Agraibhia, ach tá éiginnteacht ollmhór d’fheirmeoirí le blianta beaga anuas mar gheall ar an Bhreatimeacht.

In ainneoin go gcosnaíonn an Prótacal ár bhfeirmeoirí ó na hiarmhairtí is measa a bheidh mar thoradh ar an Bhreatimeacht trí thrádáil Uile-Éireann agus rochtain ar mhargadh an AE a chothabháil, tá sé go fóill ag cruthú fadhbanna tromchúiseacha le cailliúint mhaoiniú an AE agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag bearta saorthrádála Rialtas na Breataine.

Cé go bhfuil gealltanais tugtha ag Rialtas na Breataine go gcoinneofar maoiniú go dtí 2025 níl aon soiléireacht ann maidir leis an tacaíocht a gheobhaidh feirmeoirí agus pobail tuaithe ina dhiaidh sin.

Tá Sinn Féin tiomanta do sheasamh ar son feirmeoirí beaga agus pobail tuaithe.

Caithfidh tacaíocht d’fheirmeoirí cnoic, rochtain ar íocaíochtaí feirme aonair d’fheirmeoirí beaga a choinneáil agus deis a thabhairt d’fheirmeoirí toradh cothrom a fháil ar a gcuid táirgí sa Bheartas Talmhaíochta atá beartaithe don Todhchaí chun teacht in ionad Chomhbheartas Talmhaíochta an AE.

D’fhéadfadh inmharthanacht na bhfeirmeacha beaga a fheabhsú tríd seo.

Beidh ról tábhachtach ag feirmeoirí agus pobail tuaithe freisin maidir lenár spriocanna um athrú aeráide a bhaint amach. Creideann Sinn Féin go gcaithfear tacú leo cleachtais níos inbhuanaithe a fhorbairt agus leas a bhaint as na deiseanna a chuireann sé ar fáil.

Tá Sinn Féin ag iarraidh go mbunófar Coimisiún um Thodhchaí Fheirm Teaghlaigh na hÉireann a mbeadh sé de chúram air moltaí a dhéanamh maidir le conas is féidir lenár múnla feirme teaghlaigh maireachtáil agus rathú amach anseo. Creidimid gur cheart go mbeadh raon feidhme uile-Éireann faoi shainchúram an Choimisiúin agus go n-ullmhódh sé fís fhadtéarmach a thacóidh lenár bhfeirmeoirí teaghlaigh agus leis na pobail atá ag brath orthu.

IS IAD TOSAÍOCHTAÍ SHINN FÉIN DO PHOBAIL TUAITHE NÁ:

• Ceart na dteaghlach tuaithe a chosaint chun tithe a thógáil ina gceantair féin ar aon dul leis an chleachtas pleanála is fearr

• Leathanbhanda tuaithe, bonneagar agus rochtain ar sheirbhísí poiblí a fheabhsú

• Íocaíocht ANC d’Fheirmeoirí Cnoic a thabhairt isteach arís

• Beartas Talmhaíochta don Todhchaí a sholáthar a chosnaíonn an fheirm teaghlaigh lena n-áirítear íocaíochtaí le feirmeacha de thrí heicteár agus níos mó a choinneáil

• Beartas forbartha tuaithe a sholáthar a bhfuil baint ag eagraíochtaí pobail leis agus iad ag aithint agus ag tabhairt chun cinn tionscadail a thacaíonn le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta na gceantar tuaithe.

• Cuimsiú an Tuaiscirt a chinntiú i dTáscaire Geografach Cosanta uile-oileáin (PGI) do mhairteoil a chothaítear ar fhéar in Éirinn.

• Tacú le cleachtais feirmeoireachta níos inbhuanaithe tríd an Chiste Just Transition for Agriculture

• Cur i gcoinne díothú an Bhoird Pá Talmhaíochta

• Straitéis Orgánach a thionscnamh a chuideoidh le feirmeoirí aistriú go dtí táirgeadh orgánach a dhéanamh, a chinntiú go ndéantar táirgí orgánacha a mhargú agus a chur chun cinn go leordhóthanach ionas gur iarracht bhrabúsach é táirgeadh bia Orgánach.

Ag dul i ngleic leis an Athrú Aeráide

Bhí Sinn Féin chun tosaigh maidir le reachtaíocht aeráide a dhéanamh don tuaisceart atá uaillmhianach, cothrom agus ar féidir é a chur i bhfeidhm chun astuithe glan-nialais a bhaint amach faoi 2050 ar aon dul leis an chuid eile d’Éirinn.

Ní hé an tuaisceart an t-aon chuid de na hoileáin seo a thuilleadh gan reachtaíocht aeráide.

Chinntigh Sinn Féin go raibh an reachtaíocht aeráide bunaithe go daingean ar phrionsabail na cothroime agus aistriú cóir ó spleáchas ar bhreosla iontaise agus i dtreo sochaí níos cothroime agus níos glaise faoi thiomáint ag fuinneamh in-athnuaite.

Ní mór dúinn ár n-acmhainní flúirseach gréine, taoide, agus gaoithe ar an chladach agus amach ón chósta a fhorbairt ar fud an oileáin agus amach ónár gcósta agus acmhainn na hidrigin ghlais a fhorbairt.

Méadóidh gluaiseacht i dtreo fuinnimh in-athnuaite le foinsí éagsúla cinnteacht fuinnimh trí spleáchas ar allmhairí breosla iontaise a laghdú atá níos so-ghabhálaí do mhargaí idirnáisiúnta agus a d’fhéadfadh neamhspleáchas fuinnimh d’oileán na hÉireann a bheith mar thoradh air freisin.

Ní féidir ár sprioc maidir le hathrú aeráide de ghlan-nialas a bhaint amach faoi 2050 ach amháin má dhéantar é go cothrom agus i gcomhpháirtíocht le hoibrithe, feirmeoirí agus gnólachtaí beaga sna hearnálacha éagsúla.

Ciallaíonn sé sin nach bhfágtar feirmeoirí, oibrithe, agus teaghlaigh ina ndiaidh.

Ciallaíonn sé go gcaithfear tacú le daoine chun na hathruithe riachtanacha a dhéanamh agus go bhfuil siad in ann rochtain a fháil ar na deiseanna a d’fhéadfadh a bheith ag baint le haistriú chuig sochaí níos inbhuanaithe.

Ciallaíonn sé nach dtitfidh sé ar na daoine is lú ábalta íoc as.

Bunófar Coimisiún um Aistriú Cóir lena chinntiú go gcomhlíonfaimid ár gcuspóirí aeráide go cothrom. Aithneoidh an Coimisiún freisin deiseanna chun post agus tionscal glas a chruthú agus tacóidh sé leo.

Soláthróidh Ciste Aistriú Cóir don Talmhaíocht maoiniú chun tacú le feirmeoirí cleachtais níos inbhuanaithe a ghlacadh.

Ní mór dul chun cinn a dhéanamh ar bhonn uile-oileáin freisin le baint amach glan-astuithe, feabhas a chur ar ár dtimpeallacht agus aisiompú caillteanas bithéagsúlachta. Ní aithníonn ár gceantar tuaithe, ár n-aibhneacha agus ár sléibhte an teorainn agus mar sin ní mór dár mbeartais chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin shuntasacha atá ann a bheith bunaithe ar an fhírinne go mairimid ar aonán geografach amháin.

Caithfidh muid spleáchas ar charranna príobháideacha a laghdú trí fheabhas a chur ar ár ngréasán iompair phoiblí lena n-áirítear naisc iarnróid uile-oileáin mar nascacht san Iarthuaisceart agus an chonair ó Bhaile Átha Cliath go Béal Feirste.

Ní mór dúinn freisin tosaíocht a thabhairt do bhonneagar taistil ghníomhaigh ar nós lánaí rothar agus féarbhealaí chun daoine a spreagadh chun cineálacha taistil níos sláintiúla a dhéanamh, mar Ghlasbhealach Shligigh-Inis Ceithleann.

Ní mór líonra na bpointí luchtaithe feithiclí leictreacha a bheith oiriúnach don fheidhm chun tacú le húsáid feithiclí leictreacha.

Céim thábhachtach chun bogadh ar shiúl ó spleáchas ar bhreosla iontaise is ea cosc ​​a thabhairt isteach ar cheadúnú, druileáil agus eastóscadh peitriliam i dtuaisceart na hÉireann. Áirítear leis seo cosc ​​ar fhracáil a chuirfeadh deireadh leis an fhéidearthacht go ndéanfaí fracadh áit ar bith ar an oileán.

Oibreoidh Sinn Féin le gach cuid den tsochaí chun a chinntiú go bhforbrófar bearta, ar nós pleananna gníomhaíochta aeráide, atá cothrom agus inseachadta.

I MEASC THOSAÍOCHTAÍ SHINN FÉIN AR DHUL I nGLEIC LEIS AN ATHRÚ AERÁIDE, TÁ:

• Reachtaíocht a thabhairt chun tosaigh sa Tionól chun cosc a chur ar cheadúnú, druileáil agus eastóscadh peitriliam – fracadh san áireamh

• A chinntiú go ndéantar Pleananna Gníomhaíochta Aeráide a fhorbairt i gcomhpháirtíocht le feirmeoirí, oibrithe agus earnálacha agus go bhfuil siad deimhnithe ó thaobh eacnamaíoch, sóisialta agus tuaithe de.

• Na struchtúir dá bhforáiltear sa reachtaíocht aeráide a chur i bhfeidhm lena n-áirítear;

o An Coimisiún um Aistriú Cóir – chun trasdul cothrom cóir a chinntiú

o Ciste um Aistriú Cóir don Talmhaíocht – chun tacú le feirmeoirí cleachtais níos inbhuanaithe a ghlacadh

o An Coimisiún um Athrú Aeráide

• Oibriú ar bhonn uile-oileáin chun cuspóirí aeráide, comhshaoil agus bithéagsúlachta a bhaint amach

Comhionannas, Éagsúlacht agus Cuimsiú

Tá Sinn Féin tiomanta do shochaí uilechuimsitheach ilghnéitheach atá bunaithe ar chomhchearta agus ar chomhdheiseanna do gach saoránach. Ní féidir le seicteachas, ciníochas, fuath ar na mná nó idirdhealú mar gheall ar mhíchumais a bheith inár n-institiúidí agus inár sochaí.

Is mian linn comhionannas a phríomhshruthú i ngach gné den saol polaitiúil agus poiblí.

Áirítear leis sin an reachtaíocht riachtanach a chur i bhfeidhm chun comhionannas agus cearta daonna gach duine a chosaint.

Bhí tionchar díréireach ag an phaindéim COVID-19 le dhá bhliain anuas ar shláinte agus folláine daoine faoi mhíchumas. Tá sé tábhachtach go bhfuil cosaintí láidre comhionannais agus cearta daonna againn do dhaoine faoi mhíchumas.

Tháinig borradh ar fhoréigean baile sa phaindéim freisin. Is gá aghaidh a thabhairt ar sciúirse an fhoréigin in aghaidh na mban agus ní mór straitéis foréigean in aghaidh na mban agus na gcailíní a dhéanamh.

Is mian linn sochaí shábháilte, fháilteach agus chuimsitheach a chruthú do gach duine lena n-áirítear iad siúd atá ag lorg tearmainn ó choimhlint. Sa tuaisceart tá dídeanaithe agus iarrthóirí tearmainn ó áiteanna ar fud an domhain lena n-áirítear le déanaí iad siúd ón tSiria, ón Afganastáin agus ón Úcráin.

Is gá dúinn a bheith mar shochaí cuimsitheach do gach mionlach eitneach, idir dúchasacha – Lucht Siúil na hÉireann – agus iad siúd tháinig chun cónaithe anseo le gairid.

Tá an reachtaíocht reatha in aghaidh na fuathchoireachta as dáta, níl sí oiriúnach don fheidhm agus níor éirigh léi cosc ​​a chur ar líon na gcoireanna fuatha atá ag dul i méid. Tá sé tábhachtach go dtabharfar isteach reachtaíocht nua atá bunaithe ar an chleachtas idirnáisiúnta is fearr chun dul i ngleic le coireanna fuatha de gach cineál.

Tá sochaí de dhíth orainn ina bhfuil luach lenár bhféiniúlacht agus a dhéanann í a cheiliúradh, ár bhféiniúlacht reiligiúnach nó aon duine ar bith, claonadh gnéasach, inscne, míchumas, aois nó bunadh eitneach.

Ba mhaith linn go mbeidh mná in ann rochtain a fháil ar na seirbhísí sláinte atá sábháilte agus dleathach a bhfuil siad ina dteideal.

Ba mhaith linn comh-mheas a fheiceáil ar chultúr agus ar theanga na hÉireann mar a fhoráiltear i gComhaontú Aoine an Chéasta.

Seasfaidh Sinn Féin freisin le cearta íospartaigh uile na coimhlinte chun faisnéise, nochtadh iomlán, agus fírinne.

Táimid i gcoinne iarracht Rialtas na Breataine ollmhaithiúnas a thabhairt isteach dá fhórsaí stáit, seirbhísí faisnéise agus na gníomhairí a mharaigh ar a son.

Seasann Sinn Féin le híospartaigh, teaghlaigh, páirtithe polaitíochta eile agus grúpaí cearta daonna a leanann go láidir i gcoinne na moltaí atá leagtha amach i bpáipéar ceannais oidhreachta Rialtas na Breataine i mí Iúil 2021.

Seasaimid le cearta gach saoránach rochtain a fháil ar an phróiseas dlíthiúil cuí, trí imscrúduithe neamhspleácha, trí ionchoisní oidhreachta, agus trí dhúshláin shibhialta.

Tá sé in am aghaidh a thabhairt ar oidhreacht an ama atá thart trí na meicníochtaí a comhaontaíodh ag Teach Stormont a chur i bhfeidhm ar bhealach a chomhlíonann cearta an duine chun a chinntiú nach bhfuil teaghlaigh ag fanacht le fiche nó tríocha bliain ar an fhírinne agus ar an cheartas.

Leanfaidh Sinn Féin freisin ag abhcóideacht ar son íospartaigh agus marthanóirí mí-úsáide institiúideach chun a gceart chun fírinne, ceartais agus sásamh a diúltaíodh dóibh le fada an lá a chosaint.

I MEASC THOSAÍOCHTAÍ SHINN FÉIN TÁ:

• Straitéis maidir le Foréigean in aghaidh na mBan agus na gCailíní

• Straitéis Imeasctha Dídeanaithe

• Acht Gaeilge

• Soláthar láithreach seirbhísí cúram sláinte atáirgthe nua-aimseartha

• Teiripe tiontaithe a thoirmeasc

• Coinbhinsiún na NA ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas a chorprú sa dlí áitiúil

• Bille na gCeart;

• Straitéisí um chuimsiú sóisialta ar Fhrithbhochtaineacht; LGBTQI+; Míchumas; agus Comhionannas Inscne

• Reachtaíocht a neartú chun dul i ngleic le fuathchoireacht, seicteachas san áireamh

• Na meicníochtaí oidhreachta a comhaontaíodh ag Teach Stormont a chur i bhfeidhm ar bhealach a chomhlíonann cearta an duine

• An ceart chun na fírinne, an cheartais agus an tsásaimh d’íospartaigh agus marthanóirí na mí-úsáide institiúide